Bhí comórtas scríbhneoireachta Gaeilge ar siúl do mhic léinn uile DCU le linn an earraigh 2018. Comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí: tá liosta a gcuid saothar le léamh thíos. Agus buíochas mór le gach éinne a chuir isteach ar an gcomórtas. Bígí ag scríobh don bhliain seo chugainn!

Ár mbuíochas freisin leis na foilsitheoirí a thug urraíocht do dhuaiseanna an chomórtais i mbliana: An tSnáthaid Mhór, Cló Iar-Chonnacht, Comhar, agus Leabhar Breac.