Mícheál Ó Muircheartaigh: ‘Guth na gCluichí Gaelacha’

Agallaimh

Lá breá geal a bhí ann agus me suite go compordach i bhforhalla Óstán Pháirc an Chrócaigh ach bhí rud amháin ag cur isteach orm agus ba é sin ná go raibh mé cuíosach neirbhíseach; bhíos chun agallamh a chur ar ‘Ghuth na gCluichí Gaelacha,’ Mícheál Ó Muircheartaigh. Nuair a shiúil an fear féin isteach, seasta go hard fós agus é i ndiaidh ceithre scór is seacht mbliain a cheiliúradh cúpla lá roimhe, chonacthas láithreach an grá atá ag muintir na hÉireann dó le daoine ag beannú dó agus ag iarraidh grianghraif a ghlacadh leis.

Níorbh é sin an t-aon rud a chonacthas láithreach, áfach. Is fíor a rá go bhféadfaí an fear a bhaint ó na meáin chumarsáide ach nach mbainfí na meáin chumarsáide ón bhfear agus Mícheál do mo cheistiú faoin mbealach ar tháinig mé isteach agus ag éisteacht go cíocrach le mo thuairimí faoi chluichí an deireadh seachtaine; rud a chuir mé ar mo shuaimhneas go tapa.

Choimeád an Ciarraíoch cáiliúil, Mícheál Ó Muircheartaigh, muintir na hÉireann faoi gheasa lena chuid tráchtaireachta thar tréimhse 62 bliain ag obair do RTÉ. Tá an-ómós ar fad ag muintir na hÉireann air toisc gur tháinig a phearsantacht amach go smior ina chuid oibre thar na blianta ag tabhairt cur síos draíochtúil ar na laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh.

Rugadh é sa bhliain 1930 agus ba mhac le beirt fheirmeoirí é. Is as Dún Síon dó, baile beag lasmuigh den Daingean a bhíodh ina bhreac-Ghaeltacht ach atá mar chuid den Ghaeltacht anois. Deir Mícheál gur fhás sé aníos ag labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla: “Bhíodh an meascán ann ach bhí níos mó Gaeilge, bhí an-Ghaeilge ag na seandaoine go léir a bhí sa Ghaeltacht, ach an chéad ghlúin eile ní raibh sí acu, sin mar a tharlaíonn sé.”

Ag labhairt faoina óige, admhaíonn sé gur thaitin an obair amuigh faoin aer úr “go mór” leis agus cuimhníonn sé go cruinn ar na haonaigh mhóra a bhíodh sa Daingean le daoine “ann go moch ar maidin ag ceannach agus ag díol” ainmhithe iontu. Níor imir sé mórán peile agus é ina pháiste: ‘‘Beagáinín ach ní raibh mórán peile sa scoil ag an am. Ní raibh aon pheil in aon chor sa bhunscoil i gCiarraí ach bhí sé mar sin ar fud na tíre.’’

Agus é críochnaithe sa scoil ní raibh mórán fostaíochta ar fáil sa Daingean ach deir Míchéal go raibh “an-mheas ar oideachas” sa bhaile, rud a chabhraigh leis áit a sholáthar i gcoláiste ullmhúcháin i mBaile Bhúirne i gCorcaigh sa bhliain 1945 i ndiaidh na Meánteiste, agus é dírithe ar an múinteoireacht. Labhraíonn sé go fonnmhar faoin tréimhse a chaith sé ansin agus faoin gcaoi ar fhorbair an tréimhse seo a chuid Gaeilge: “Ní raibh ann ach 80 scoláire ar fad ann ach an rud iontach mar gheall air, bhí gach rud trí Ghaeilge. Bhí daoine ó gach aon chúige ann, bhí duine ó gach aon Ghaeltacht ann, d’fhoghlaimíomar go léir na ceithre chanúint óna chéile ag déanamh aithris ar a chéile, rud maith é an meascán a bhí ann.”

Chaith sé trí bliana ansin sular thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, áit a ndeachaigh sé i mbun a chuid staidéir le bheith ina mhúinteoir anseo i gColáiste Phádraig. “Bhí sé go deas bheith i mBaile Átha Cliath agus cleachtadh múinteoireachta a fháil i scoileanna difriúla.” Ba i mBaile Átha Cliath a osclaíodh geata dó, geata a dhéanfadh cáiliúil é agus a dhaingneodh é mar chuid thábhachtach de shaol Chumann Lúthchleas Gael agus na hÉireann i gcoitinne.

Chonaic se fógra anseo sa choláiste faoi thrialach tráchtaireachta i bPáirc an Chrócaigh ar Lá Fhéile Pádraig na bliana 1949. Chuaigh sé faoi choimirce na cinniúna agus d’fhreastail sé air in éindí le scoláirí eile ó thimpeall na tíre. Admhaíonn sé faoin tráchtaireacht: ‘”Ní raibh suim agam dul isteach ann riamh, ach bhíomar ag féachaint air mar sórt eachtra, adventure, dul ann gan aon bhrú nó aon rud, beimid istigh sa bhosca, bosca Micheal O’Hehir.”

Nuair a tháinig triail Mhíchíl, léirigh sé a chumas tráchtaireachta agus gan é ach 19 bliain d’aois, rud a thug an deis oibre dó. Ba é an chéad tasc dó ná tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais an Bhóthair Iarainn an Déardaoin i ndiaidh Lá Fhéile Pádraig agus is fíor a rá nár bhreathnaigh sé siar ó shin.

Bhí an-mheas ag Mícheál ar a réamhtheachtaí, O’Hehir, a bhí mar ghuth na gcluichí Gaelacha ag an am sular ghlac an Ciarraíoch leis an teideal sin. Nuair a cuireadh ceist air ar imir sé tionchar ar a chuid tráchtaireachta, deir sé: “Níor imir go fírinneach, dhéanas rudaí mo bhealach féin ach bhí sé an-chabhrach dom. Chuir sé aithne orm agus chuir sé ceisteanna orm d’aon ghnó faoi Chiarraí ag leath-am chun mé a chur ar mo shuaimhneas agus chun eolas a thabhairt dom. Sin an sórt duine a bhí ann, bhí sé go han-mhaith ag cabhrú le daoine.”

Nuair a d’éirigh O’Hehir as an tráchtaireacht i 1985 tháinig an Ciarraíoch ina áit mar phríomhthráchtaire ar na cluichí Gaelacha do RTÉ agus b’iomaí ráiteas de chuid Uí Mhuircheartaigh a choimeád a lucht éisteachta faoi dhraíocht. D’fhéadfaí a rá gurbh é an ráiteas ba cháiliúla ná: “Seán Óg Ó hAilpín, his mother’s from Fiji and his father’s from Fermanagh, neither a hurling stronghold.”

Bhí stíl cheolmhar aige a sheas amach agus nuair a cuireadh ceist air faoin stíl seo, d’fhreagair sé: “Nuair atá suim agat i rud, beidh tú ag foghlaim an t-am ar fad, beidh tú ag bualadh le daoine agus beidh siad ag caint faoi chúrsaí peile agus iománaíochta agus ag caint mar gheall ar dhaoine, bhaileofá a lán eolais mar sin. An chuid is mó de ná ag caint le daoine. Bíonn suim ag muintir na hÉireann i ndaoine agus is breá leo eolas a fháil ar dhaoine, ní mar sin a bhíonn sé i dtíortha eile.”

D’éirigh an Ciarraíoch as an tráchtaireacht i mí Dheireadh Fómhair 2010 lena thasc deireanach ag trácht ar an gcluiche Rialacha Idirnáisiúnta idir Éire agus an Astráil ach deir sé nach n-airíonn sé uaidh an tráchtaireacht toisc go dtéann sé go dtí na cluichí uilig fós agus leanann sé iad leis an bpaisean céanna a bhí aige agus é ina fhear óg: “Bhíos i gcónaí ag dul go dtí na cluichí go léir. Níl athrú mór i mo shaol toisc go dtéim go háit an phreasa anois fós ach ní bhím i mbun oibre. Bhíos tamall fada ag obair, 62 bliain a bhíos ag obair ann, cheapas gur am maith é sin éirí as.”

Cé go bhfuil Ó Muircheartaigh éirithe as le seacht mbliana anois níl mórán ama aige suí os comhair na teilifíse ag ligean a scíthe.

Tá sé sáite i go leor rudaí, is Cathaoirleach é ar Choláiste Íde sa Daingean, tá baint aige leis an obair in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí chun áiseanna spóirt a bhunú do dhaoine atá i gcathaoir rotha, tá sé bainteach leis an ospís i gCiarraí chomh maith leis an Institiúid Néareolaíochta i mBaile Átha Cliath, cúiseanna a bhfuil cion aige orthu. “Tá an-iomarca ar siúl agam ach sin mar atá,” a deir sé.

Is cosúil le reacaire uilefheasach é Ó Muircheartaigh gan dabht. D’athraigh sé thar na blianta, ón mbuachaill óg ón Daingean a thosaigh amach i 1945 go dtí laoch an lae inniu ach d’fhan rud amháin buan i gcónaí: an paisean agus an grá ata ag ‘Guth na gCluichí Gaelacha’ do chluichí Chumann Lúthchleas Gael.