Emma sa Ghairdín

Páistí

Nuair a bhíonn Emma ag súgradh sa ghairdín, uaireanta bíonn uaigneas uirthi. Níl aon deirfiúracha nó deartháireacha aici. Ach tá samhlaíocht an-mhaith aici agus is aoibhinn léi an gairdín. Tosaíonn sí ar bhrionglóidigh ansin:

‘Is leon mé ag screadaíl go glórmhar.’

‘Is éan mé ag eitilt go hard sa spéir.’

‘Is nathair nimhe mé ag sleamhnú síos an sleamhnán.’

‘Is síota mé ag rith timpeall na háite.’

‘Is cangarú mé ag léim thar na clocha.’

‘Is moncaí mé ag luascadh ar an luascán.’

Go tobann thit Emma ar an talamh. Thosaigh sí ag caoineadh. Rith Mamaí amach chuici.

‘Ghortaigh mé mo chos,’ arsa Emma.

‘Is pleidhce ceart tú,’ arsa a Mamaí léi. ‘Ba chóir dúinn tú a chur isteach sa zú. Tá tú díreach cosúil le hainmhí.’

Thosaigh Emma ag gáire. Bhí an ceart ag Mamaí.