Comhdháil Stairiúil Ghaeilge i bPrág

I gCéin

I lár Mheán Fómhair, 2017, tháinig scoláirí Gaeilge ó ollscoileanna éagsúla ar fud an domhain le chéile le páirt a ghlacadh sa chomhdháil idirnáisiúnta in Ollscoil Shéarlais, Prág: ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain: An Tairseachúlacht i Litríocht agus i gCultúr na hÉireann agus na hEorpa’. D’fhéadfaí a rá gur ag filleadh ar an gcathair a bhí an Ghaeilge, mar bhí an chomhdháil ar siúl i bPálás Sweerts-Špork ar an tsráid Hybernská, cúpla slat ó iarcholáiste na bProinsiasach Éireannach a bunaíodh i 1629.

Bhí breis agus seasca cainteoir i láthair, gan trácht ar lucht éisteachta, a d’fhág gurbh í seo an chomhdháil ba mhó riamh a eagraíodh trí Ghaeilge lasmuigh d’Éirinn. Bhí an Dr Pádraig Ó Liathain (Ball Comhlach d'Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Shéarlais), agus an tOllamh Máirín Nic Eoin, ar choiste eagraithe na comhdhála. Bhí deichniúr ó Fiontar agus Scoil na Gaeilge ag glacadh páirte, mar aon le scoláirí ó bhreis is deich n-institiúid ardléinn ar oileán na hÉireann, chomh maith le scoláirí Seiceacha, agus léachtóirí atá lonnaithe in ollscoileanna sa Fhrainc, san Fhionlainn, sa Pholainn agus i Meiriceá Thuaidh.

Gné shuaithinseach de chuid na comhdhála ba ea an léiriú a tugadh ar ildisciplíneacht léann na Gaeilge mar atá sé á chleachtadh anois in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Caitheadh solas ar raon ilghnéitheach réimsí scoláireachta: an teangeolaíocht fheidhmeach, an chritic liteartha agus chultúir, léann na himirce, an pholaitíocht, cúrsaí oideachais, na daonnachtaí digiteacha, léann na lámhscríbhinní, stair na litríochta, léann an bhéaloidis agus an taibhléirithe, an litríocht chomparáideach, léann an aistriúcháin.

Tá an Ghaeilge á múineadh in Ollscoil Shéarlais le beagnach fiche bliain anuas. Téann mic léinn DCU ann ar Erasmus, mar shampla, don Ghaeilge agus don taithí saoil ar ndóigh! Bhí Pádraig Ó Liatháin ina léachtóir i bPrág idir 2002–04, agus ba dhuine dá chuid mac léinn an Dr Radvan Markus, príomheagraí na comhdhála seo, agus léachtóir le Gaeilge anois san ollscoil. Ní hamháin sin, d’aistrigh sé an t-úrscéal L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc go Seicis, agus beidh a aistriúchán ar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain i gcló gan mhoill. Tá dlúthghaol idir teagasc na teanga, an taighde litríochta agus ceird an aistriúcháin sna cúrsaí Gaeilge a mhúintear i bPrág.

Níor phlé acadúil amháin a bhí ann i gcaitheamh na comhdhála. Bhí fáiltiú eagraithe dúinn ag Áras Ambasadóir na hÉireann, i bPoblacht na Seice, áit ar labhair a Shoilse Charles Sheehan, go fial fáilteach linn i nGaeilge amháin. Ba mhór an t-ábhar mórtais dó go bhféadfadh comhdháil Ghaeilge tarlú i bPrág agus thug sé gach moladh d’Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Shéarlais as a bheith ag tacú le cur chun cinn na teanga.

Mar chuid de chlár na comhdhála, bhí turas treoraithe ar leabharlann cháiliúil Mhainistir Strahov, áit ina bhfuil go fóill roinnt den ábhar léinn a bhí ag na Proinsiasaigh Éireannacha agus iad i bPrág. Sa mhainistir, bhí oíche chultúir sa dá theanga againn, an Ghaeilge agus an tSeicis. Ba dhraíochtúil an timpeallacht í le dánta Nuala Ní Dhomhnaill a chloisteáil á léamh ag an bhfile féin agus ag na haistritheoirí Seicise Daniela Theinová agus Martin Světlík. Léigh Alan Titley scéalta agus dánta freisin, agus ba léir gur bhain an lucht éisteachta Seiceach an taitneamh céanna as saothar na beirte agus a bhain na hÉireannaigh a bhí i láthair. Bhí ball eile de Fiontar agus Scoil na Gaeilge, an Dr Síle Denvir, ag canadh agus ag seinm ar an gcláirseach mar thionlacan ag amhráin sa Chatalóinis agus sa tSeicis le Kateřina García agus Pádraig Ó Liatháin.

— Fuair lucht eagraithe na comhdhála tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ó Chultúr Éireann, chomh maith le cúnamh ó Chónaidhm na nEagraíochtaí agus na nIonad do Léann na hÉireann san Eoraip (EFACIS).