Brian MacUaid: Renaissance na Gaeilge i Lios Darach

Agallaimh

Agus tú ag taisteal go Cluain Eois, Co. Mhuineacháin ar lá Chluiche Ceannais Uladh ó thuaisceart an oileáin, tiocfaidh tú chomh fada le sráidbhaile darb ainm Lios Darach. Muna bhfuil tú airdeallach, beidh an chuma ar an scéal gur gnáthcheantar tuaithe atá ann. Timpeallaithe ag go leor tailte talmhaíochta, gan ach siopa amháin agus níos mó tithe tábhairne ná mar atá de dhíth, tá an áit ag druidim ar steiréitíopa de phobal tuaithe Éireannach. É sin ráite, tá rud mór amháin a thug mise faoi deara a dhéanann idirdhealú idir Lios Darach agus sráidbhailte eile na hÉireann: na comharthaí bóithre.

Bhí iontas orm “Fáilte go dtí Lios Darach” a fheiceáil ar an bhealach isteach sa bhaile bheag seo. Sin a raibh ar an chomhartha! Ní raibh focal Béarla le feiceáil ar chor ar bith! Cuimhnígí go raibh mé i Muineachán, ní raibh mé i gcroílár na Gaeltachta. Mar sin de, bhí mé fiosrach. Rinne mé rud beag taighde agus chuir mé glaoch ar chúpla duine agus tháinig mé ar fhear darb ainm Brian MacUaid. Fear áitiúil é i Lios Darach agus bhí scéal suimiúil aige maidir le húsáid na Gaeilge san áit iargúlta seo: “Bhuel, le fírinne is dul chun cinn é a tharla le déanaí agus thosaigh sé leis an chlub Chumann Lúthchleas Gael áitiúil, Sáirséalaigh Chill Laobháin.” Oibríonn Brian mar Oifigeach Gaeilge agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí don chlub agus tá sé i mbun tionscnaimh leo a d’fhéadfadh tionchar forleathan a imirt ar an cheantar, ar Chumann Lúthchleas Geal agus ar an tír uilig ó thaobh na Gaeilge de.

*Brian:* Is é ár n-aidhm ghearrthéarmach ná go nglacfaidh foireann shinsear na bhfear páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana sna Dúnaibh i gCo. Dhún na nGall. Maidir leis an fhadtéarma, tá muid ag iarraidh an fhoireann a athrú ó cheann a fheidhmíonn trí Bhéarla go ceann a úsáideann Gaeilge ar an pháirc agus taobh amuigh den pháirc.

Maitiú: Gan dabht, is fiontar inmholta é seo ach is tasc ollmhór é atá glactha ag CLG Chill Laobháin. An bhfuil mórán ratha bainte amach acu?

Brian: Le tionscnamh mar seo, ní thagann rath thar oíche, is de réir a chéile a thógtar na caisleáin leis an chineál tionscnaimh seo. Ina ainneoin seo, tá roinnt gradam bronnta orainn go dtí seo. Thug Comhairle Uladh duais dúinn de bharr na hoibre atá déanta againn ar son na cúise, mar a déarfá don Ghaeilge, fuair muid deontas beag ó The Irish News School, Club and Volunteer Awards agus bronnadh an bonn airgid orainn ag ócáid Fondúireachta Sheosaimh Mhic Dhonnacha i bPáirc an Chrócaigh roimh an Nollaig. Tá bóthar fada romhainn ach tá cuma mhaith ar chúrsaí san am atá amach romhainn.

Géill slí: comharthaí bóthair i nGaeilge

Maitiú: Is rud suimiúil tionscnamh cosúil leis seo a fheiceáil i lár chontae Mhuineacháin, contae nach bhfuil mórán clú air maidir le húsáid na Gaeilge. An raibh sé deacair daoibh bunús a chruthú?

Brian: Gan dabht, ní contae Gaeltachta muid. Ina ainneoin seo, tá pobal láidir Gaeilgeoirí fós thart timpeall an chontae. Tá ceithre Ghaelscoil againn agus déanann ceann acu, Gaelscoil Eois, fónamh ar chuid dár mball. D’fhreastail daoine áirithe ar an mheánscoil Coláiste Oiriall i mbaile Mhuineacháin fiú má d’fhreastail siad ar bhunscoil Bhéarla áitiúil. Ciallaíonn seo go bhfuil bunús óg agus láidir againn idir bhuachaillí agus chailíní, fhir agus mhná, maidir le húsáid na Gaeilge sa cheantar. Agus níl tagairt fiú déanta agam ar na Gaeilgeoirí cosúil liomsa, atá níos sine, nó le níos mó taithí ba chóir dom a rá!

Maitiú: Maidir leis an todhchaí, cad atá os bhur gcomhair?

Brian: Chonaic tú na comharthaí agus tú ag teacht anseo, nach bhfaca? Ní hamháin go bhfuil na comharthaí ‘Fáilte go dtí Lios Darach’ againn, ach tá comharthaí ‘Géill Slí’ in úsáid againn in áit na gceann Béarla ‘Yield’. Léiríonn sin treo amháin ina bhfuil muid ag gabháil. Níl baint aige seo leis an chlub CLG amháin anois, ach tá an pobal uilig taobh thiar de chomh maith. Tá muid ag iarraidh dea-atmaisféar Gaeilge a chruthú sa pharóiste ar fad agus a bheith mar shampla d’éinne eile a mbeadh suim acu i dtionscnamh cosúil leis seo a chur ar bun. Bunaíodh Club Pheil na mBan le déanaí agus tá súil againn tionscnamh cosúil leis seo a dhéanamh leo.

Is inspioráid iad siúd a bhfuil baint acu leis na hiarrachtaí seo. Dar le Brian agus an Coiste Gaeilge a bhfuil an iarracht seo á stiúradh acu, ní hamháin gur ar mhaithe le Cill Laobháin nó Lios Darach atá sé, ach tá siad ag iarraidh a bheith ina n-eiseamláirí do chlubanna CLG agus bailte eile timpeall na tíre. Tá siad ag iarraidh a léiriú gur féidir leat atmaisféar Gaeltachta a chruthú i lár na Galltachta. Tá siad ag iarraidh a thaispeáint gur don tír uilig agus don domhan mhór atá ár dteanga dhúchasach fós beo agus guím gach rath orthu.ˀ

Comhbhuaiteoir

Iriseoireacht

Lógó Comhar

Urraithe ag Comhar