An Tobar Draíochta

Páistí

Lá amháin, roinnt blianta ó shin i gceantar tuaithe in Éirinn, bhí beirt chailíní ag súgradh amuigh sa ghairdín. Beth agus Saoirse ab ainm dóibh. Bhí siad an-chóngarach dá chéile cé go raibh codarsnacht ghéar eatarthu i gcónaí. Cailín galánta ab ea Beth—cairdiúil, flaithiúil agus lán le cineáltas. Ach, ní raibh Saoirse chomh deas sin! Bhí sí millte go leor agus ní bhíodh sí ag iarraidh a cuid bréagán a roinnt leis na páistí eile cé go raibh go leor bábóg, cluichí, agus liathróidí aice! Ní raibh a fhios ag éinne conas a tháinig an bheirt acu le chéile!

An lá áirithe sin bhí siad ag imirt leadóige i ngairdín Shaoirse. Bhí siad ag pleidhcíocht, ag iarraidh an liathróid a chaitheamh níos faide ná a chéile. Bhí Beth i bhfad níos fearr ag an gcluiche seo agus ní raibh a cara sásta.

“Níl sé cothrom, a Beth!” arsa an cailín óg. “Tá tú níos airde, agus mar sin tá sé níos éasca duitse!”

Thosaigh Beth ag gáire, “Ná bí ag tabhairt idé béil dom, a chara! Ní bhraitheann sé ar airde. Táim níos fearr ag imirt an chluiche seo, ach tá tusa níos fearr ag imirt cluichí eile!”

Ach bhí fearg ar Shaoirse faoin am seo. Chas sí timpeall agus chaith sí an liathróid... agus chuaigh sé thar an mballa agus isteach sa choill. “Ó, a thiarcais!” arsa an bheirt acu le chéile. Ní raibh cead acu dul sisteach sa choill…

“Is fearr liom an liathróid sin thar aon liathróid eile!” arsa Saoirse le deora ina súile, “Caithfimid dul isteach agus í a fháil ar ais”.

Ní raibh Beth sásta leis an bplean sin ach bhí trua aici dá cara. Shiúil siad síos go dtí bun an ghairdín. Dhreap siad suas thar an mballa agus léim siad isteach sa choill. Bhí ionadh an domhain ar na cailíní—roimhe sin, cheap siad gur áit dhorcha, scanrúil í an choill, ach bhí siad mícheart! Bhí solas na gréine ag teacht trí na crainn agus bhí an áit geal. Bhí bláthanna áille ag fás timpeall na háite, go háirithe cloigíní gorma. Rinne siad dearmad ar an liathróid agus thosaigh siad ag siúl.

Go tobann, tháinig siad timpeall cúinne agus chonaic siad tobar! Tobar, sa choill! Rith siad chuige agus d’fhéach siad isteach. Bhuel, ba bheag nár thit siad i laige, mar bhí duine beag ina shuí sa tobar.

“Cé tusa?” arsa Saoirse.

“Ó, Dia daoibh, a chairde! Bhí mé ag fanacht oraibh,” arsa an fear beag, miongháire mór ar a aghaidh. “Is mise Máistir an Tobair Dhraíochta!”

“Tobar draíochta?” Ní thiocfadh leis na cailíní é a chreidiúint.

Mhínigh an fear go raibh sé in ann trí ghuí a bhronnadh orthu. Ceann amháin do Shaoirse. Ceann eile do Bheth. Agus an ceann deireanach a bheadh roinnte idir an bheirt.

“Abair é agus gheobhaidh tú pé rud atá uait,” arsa an fear aisteach, agus tháinig loinnir ina shúile.

Bhí Beth amhrasach faoi, ach thosaigh Saoirse ag léim suas síos le háthas. “Mise ar dtús!” a scread sí. “Ba mhaith liom soláthar milseán neamhtheoranta!”

Ní raibh cuma shásta air, ach ní fhéadfadh sé a fhocal a bhriseadh. D’oscail sé a bhéal agus tháinig rím draíochta amach…

“A trí a dó a haon, a haon a dó a trí, Cad atá ag teastáil uait, cad é mian do chroí? A trí a dó a haon, a haon a trí a dó, Cad atá ag teastáil uait, cad é an rud is mó?”

Chomh luath is a bhí na focail as a bhéal aige, thosaigh milseáin ag titim ón spéir. Scread Saoirse le háthas agus thosaigh sí ag rith thart á mbailiú. An t-am ar fad, bhí Beth ag smaoineamh go cúramach. Ní raibh sí chomh saibhir le Saoirse, ní raibh a lán bréagán aici. Ní raibh teach mór aici agus ní raibh peata aici. Ach ní raibh rud fisiciúil ag teastáil uaithi. Bhí sí ag smaoineamh ar a máthair. Bhí sí an-tinn, agus bhí eagla an domhain ar an gcailín beag.

“Tá a fhios agam cad atá uaim,” arsa Beth i nglór beag.

Chas an fear thart chuici. “Inis dom, a stór.”

“An féidir leat mo mháthair a leigheas?”

Chlaon sé a cheann le taispeáint go raibh sé sásta agus thosaigh sé ar na focail chéanna a aithris:

“A trí a dó a haon, a haon a dó a trí, Cad atá ag teastáil uait, cad é mian do chroí? A trí a dó a haon, a haon a trí a dó, Cad atá ag teastáil uait, cad é an rud is mó?”

“Beidh biseach ar do mháthair nuair a fhilleann tú abhaile, a stóirín,” arsa an fear. Faoin am sin bhí cnoc mór milseán thart timpeall ar Shaoirse agus bhí sí ar crith le heagla.

“Tá an iomarca milseán anois, cuir stop leis,” a d’impigh sí air.

“Nílim in ann é sin a dhéanamh, thug tú an t-ordú dom chun é a thosnú,” arsa Máistir an Tobair Dhraíochta. “Ach, tá guí amháin fágtha agaibh—éistigí liom, caithfidh sibh é a dhéanamh le chéile!”

Bhí Saoirse clúdaithe ag na milseáin faoin am seo agus ní raibh sí in ann seasamh suas. Bhí sí ag caoineadh go fras.

“Le do thoil, a Beth, táim i bponc!” Bhí brón ar Beth. Bhí sí ag iarraidh rud éigin deas a dhéanamh don scoil leis an nguí dheireanach. “Más e do thoil é Beth!” a scread Saoirse. Bhí a fhios ag Beth céard a bhí uaithi.

“Ba mhaith liom cabhair a thabhairt do mo chara,” ar sí. Bhí sé soiléir go raibh an fear bródúil aisti.

“Cailín maith,” a dúirt sé. “Abair an ghuí le chéile dom.”

“CUIR STOP LEIS NA MILSEÁIN!” arsa an bheirt acu. Uair amháin eile, dúirt sé an rím bheag:

“A trí a dó a haon, a haon a dó a trí, Cad atá ag teastáil uait, cad é mian do chroí? A trí a dó a haon, a haon a trí a dó, Cad atá ag teastáil uait, cad é an rud is mó?”

Bhí stop curtha leis na milseáin. Agus bhí an fear imithe.

“Tá brón an domhain orm, a Beth,” arsa Saoirse. “Ba chailín millte, santach mé. Bhí mé ag smaoineamh fúm féin agus ba bheag nár maraíodh mé! Rinne tú maitheas le do ghuí agus anois beidh biseach ar do mhamaí. Is duine iontach thú—beidh mise níos deise amach anseo!” Thosaigh Beth ag gáire.

“Ceart go leor. Ach tabhair geallúint amháin dom—ná hith a thuilleadh milseán go deo!” Thosaigh an bheirt acu ag gáire os ard, agus rith siad ar ais go dtí an teach. Tháinig biseach ar mháthair Beth, agus cailín deas cineálta ab ea Saoirse as sin amach—agus níor ith sí milseán eile riamh.ˀ