An Scúnc Cróga

Páistí

Lá, dubh dorcha agus scamallach a bhí ann. Bhí sé ag cur báistí go trom. Bhí sealgairí san fhoraois agus bhí na hainmhithe ag rith i ngach áit. Bhí eagla ar gach ainmhí. Bhí teaghlach scúnc ag rith ó na sealgairí, ach sa ruaille buaille bhí scúnc beag scoite óna theaghlach.

Bhí na sealgairí ag bailiú timpeall air. Bhí Séamus ag crith le heagla. D’fhéach sé ar dheis, d’fhéach sé ar chlé. Chonaic sé poll sa talamh. Bhí na sealgairí ag teacht níos giorra fós. Shocraigh sé léim síos sa pholl. Shiúil na sealgairí thar an bpoll. Chuala Séamus coiscéimeanna na sealgairí os a chionn. Bhí a chroí ag bualadh go han-tapaidh. Bhí sé ag tarraingt na hanála go trom freisin. Thosaigh sé ag caoineadh. Sa deireadh thit sé ina chodladh sa pholl.

Dhúisigh sé an mhaidin dár gcionn agus chonaic sé trí leanbh broc agus mamaí broc ag stánadh air. Lig sé scread as agus thosaigh sé ag caoineadh arís. Bhí a fhios ag an mamaí broc go raibh eagla ar an scúnc beag bocht.

‘Na bí buartha,’ a dúirt sí, ‘tá tú ceart go leor!’

‘Ná gortaigh mé, le do thoil’, arsa an scúnc go himníoch.

‘A anam beag bocht. Tá eagla air. Bí deas leis, a leanaí,’ arsa Mamaí Broc. ‘Cad is ainm duit? Ná bíodh eagla ort. Ní ghortóimid thú.’

‘Séamus is ainm dom.’

‘Séamus. Ainm deas é sin. Is cuid de mo chlann anois thú.’

Bhraith Séamus go slán sábháilte ansin. Bhuel, ní raibh sé cinnte go raibh sé sábháilte ach bhí a fhios aige go raibh Mamaí Broc deas agus cineálta.

Le himeacht na mblianta, shíl Séamus gur broc a bhí ann. Shíl a dheartháireacha agus a dheirfiúr go raibh sé beagáinín difriúil ach thug siad grá dó mar sin féin. Ní dúirt siad le Séamus go raibh sé difriúil.

Tháinig an lá do Shéamus dul go Scoil na mBroc. Bhí an-áthas air agus é ag tnúth le heolas a fháil ar conas a bheith mar bhroc maith. Níor lig Mamaí Broc dó dul chuig an scoil an bhliain roimhe sin mar níor shíl sí go raibh sé réidh. Bhí sí an-neirbhíseach nuair a d’fhág sí slán leis. Shiúil Séamus chun na scoile lena dheartháireacha agus a dheirfiúr.

Bhí gach duine ina suí agus réidh le haghaidh an chéad cheacht nuair a shiúil Séamus isteach sa seomra ranga. Bhí gach duine ag stánadh air. Ní raibh Séamus cinnte cén fáth. Thosaigh siad ar fad ag cogarnáil.

‘Féach ar a eireaball, nach an-aisteach é sin!’

‘Tá sé fós ró-óg chun a bheith ar scoil. Tá sé róbheag!’

Thosaigh aghaidh Shéamuis ag lasadh le náire. Theastaigh uaidh caoineadh ach choinnigh sé siar na deora. Ní raibh an scoil mar a shamhlaigh sé. Bhí díomá air.

Cheap sé go dtabharfadh sé deis eile don scoil an lá dar gcionn. ‘B’fhéidir go mbeidh an scoil difriúil amárach,’ a cheap sé. Ní raibh, áfach. De réir mar a chuaigh na seachtainí thart, bhí an scoil ag éirí níos measa fós do Shéamus. Níor inis ​​sé seo dá theaghlach. Ní raibh sé ag iarraidh díomá a chur orthu.

Bhí siad ag gáire faoina eireaball dosach, tiubh. Bhí siad ag magadh faoi agus iad ag foghlaim conas an bóthar a thrasnú go sábháilte. Ba bheag nár leagadh Séamus uair amháin. Ní fhéadfadh sé na gluaisteáin a fheiceáil ag teacht. Níor theastaigh uaidh a admháil nach raibh radharc súl maith aige. Chuir sé seo strus agus brú ar an múinteoir. Ní raibh sé ábalta rith chomh tapa leis na daoine eile. Bhí sé fágtha siar i gcónaí i rith an rang corpoideachais. Agus níos measa fós, bhí sé níos lú ná an chuid eile de na daltaí.

Lá amháin, bhí siad ag foghlaim conas iad féin a chosaint ó shealgairí agus ó ainmhithe eile. Bhí seans ag Séamus a léiriú conas a chosain sé é féin. Bhí an múinteoir mar ainmhí fiáin. Thosaigh Séamus ag déanamh rince greannmhar. Bhí sé thíos ar a lámha agus bhí a chosa agus a thóin in airde san aer. Ní raibh a fhios ag Séamus cén fáth go raibh sé á dhéanamh seo. Thosaigh gach duine ag gáire faoi. Bhí ionadh ar an múinteoir. Ní fhaca sí aon rud mar seo riamh roimhe. Cheap sí go raibh sé an-dainséarach.

Bhí brón an domhain ar Shéamus. Thosaigh sé ag caoineadh.

‘Níl mé go maith ag aon rud!’ arsa Séamus. ‘Ní féidir liom a bheith i mo bhroc. Tá sé ródheacair. Ní maith liom a bheith difriúil leis na daoine eile. Ba mhaith liom a bheith ábalta na rudaí céanna leosan a dhéanamh. Ba mhaith liom cairde a bheith agam.’

Thug an múinteoir rabhadh do na daltaí. ‘Feicfidh mé sibh an mhí seo chugainn. Bígí cúramach. Tá na sealgairí contúirteach. Cuimhnígí ar gach rud a mhúin mé daoibh,’ arsa an múinteoir.

Ach iontas na n-iontas, ar an bpointe boise, tháinig na sealgairí. Tháinig siad i ngan fhios dóibh agus bhí ionadh ar gach duine. Bhí siad ag screadáil.

‘Rith gach duine! Rith go tapa!’ scairt an múinteoir.

Ach, bhí siad gafa. Níorbh fhéidir leo éalú. Thosaigh siad iad féin a chosaint mar a mhúin an múinteoir dóibh. Ní raibh eagla ar an triúr sealgairí áfach.

Tháinig Séamus amach as an slua agus thosaigh sé ag déanamh an rince ghreannmhair. Tháinig a dhúchas chun cinn den chéad uair. Bhí an damhsa tarraingteach do na sealgairí. Nuair a bhí Séamus ag spraeáil orthu, bhí iontas ar gach duine agus ar Shéamus féin. Thosaigh na sealgairí ag screadáil agus rith siad amach as an bhforaois.

Thosaigh gach duine ag ceiliúradh. Shábháil Séamus an lá. Bhí gach duine buíoch de Shéamus agus dúirt siad go raibh an-bhrón orthu. Bhí a lán cairde ag Séamus ansin. Bhí a fhios aige go raibh a lán buanna ag a chairde nach raibh aige, ach bhí a fhios aige chomh maith go raibh buanna aige nach raibh acusan. Ba chuma leis go raibh sé difriúil. Bhí sé sásta leis féin mar a bhí sé.