An Leigheas

Ficsean

Grianghraf: Deirbhile Ní Chathail

Jessica Summers.

Mí na Nollaig, 1960. Teach Dídine Mapleleaf.

Chloisfeá biorán beag ag titim. Tost iomlán. Tost aisteach, bagarthach, ach tá éadulaingt chráite na n-othar chomh glórach leis an diabhal i mo cheann.

Osclaíonn an doras i ngluaiseacht mhall, siúlann an tSiúr Bernadette amach, seasann sí os comhair an dorais le húdarás ag féachaint orm, leabhar nótaí i mo lámh. Táim te i mo chóta fionnaidh—Givenchy dála an scéil—mo ghloiní gréine orm, béaldath dearg agus hata dubh ar mo ghruaig fhionn. Tá aghaidh dhúr uirthi mar a bheadh ag saighdiúir. Is soiléir anois go raibh sí ag súil liom.

Siúlaim i dtreo na mná tanaí seo le muinín i ngach céim. Tá dreach dian uirthi, cuma stróúil ar a haghaidh. Tá sí ag cur allais.

Cuirim mo leabhar i mo mhála agus sínim mo lámh amach chuici.

“Is mise Jessica Summers,” arsa mise.

“Tá aithne agam ort, Ms Summers.”

“Jessica, le do thoil.”

Mo lámh fós i ngreim láidir aici, amharcann sí suas chun na bhflaitheas.

Siúlaim léi, i dtreo na hoifige, í ag féachaint siar orm, leamhgháire ar a haghaidh. Tá aithne agam ar na dorchlaí caola dorcha seo. An t-allas taisligh ar na ballaí fuara folmha. Na soilse ag preabadh le mo chroí. Torannach. Tá na hothair go léir ag cogarnach fúm. Táim iargúlta galánta anseo, ach tá obair le déanamh agam agus tá sé ar intinn agam é a dhéanamh, gan doilíos.

“Suigh síos le do thoil, Jessica,” arsa an tSiúr Bernadette. “Céard is féidir liom a dhéanamh dhuit?” Í ina suí ar chathaoir shúgáin, ós comhair an phictiúir aibéisigh d’Íosa, an bheirt acu ag stánadh orm, ag magadh fúm.

“Bhuel, tá mé anseo ar son an Irish Press. Táim ag iarradh píosa a scríobh ar an dea-obair atá déanta agaibh anseo i mbliana,” arsa mise le frithgháire, “sílim gur próiseas tairbheach a bheidh ann don bheirt againn.”

Tá teannas sa seomra i mbealach nach raibh nuair a shuigh mé ar an gcathaoir mhíchompordach seo. Tá ciúnas liobarnach ann. Is cosúil go bhfuilimid i scannán Iarthartach, ag faire ar a chéile gan focal, réidh lenár ngunnaí a aimsiú.

Le bheith ionraic, tá locht amháin orm. Níl ionam ach duine tar éis an tsaoil, tá mo chuid laigí agam ar nós gach duine eile. Ní raibh mórán aithne agamsa ar mo mháthair, ach, dúirt sí liom nuair a bhí mé i mo chailín óg glan, nach raibh mé i mo bhréagadóir maith. Nílim cinnte fós an locht é sin. Dúirt sí nach raibh aon nádúr ionam, nach raibh croí ar bith ionam, nach raibh daonnacht ar bith ionam. Níor bhréagadóir í. Is mar sin atá a fhios ag an mbean dhofhulaingthe seo nach bhfuil suim dá laghad agam i ‘ndea-obair’ na hinstitúide uafásaí seo.

“Ar aghaidh leat, ach táim cinnte nach n-aimseoidh tú aon rud,” a deir an tSiúr le straois ghránna ar a haghaidh. “Na daoine a théann ag fánaíocht sa dorchadas i rith na hoíche, is iad na daoine a théann ar strae. An dtuigeann tú?”

Siúlaim amach doras na hoifige go malltriallach. In ísle brí le dornán cáipéisí i mo lámh agam. Tá barúil agam go bhfuil rud éigin cearr, ach níl a fhios agam fós cad é. Tá sé in am dul i mbun oibre.

Jessica Summers.

27 Eanair, 1961.

Peann, páipéir agus peannaireacht dholéite ar fud na háite. Na firicí bunúsacha os mo chomhair.

Lana Winters. Ceithre bliana is tríocha d’aois. Gruaig fhionn, súile glasa. Cúig troithe cúig orlaí in airde. As lár na tíre, Contae na hIarmhí. Ní raibh gaol aici lena tuistí, iad colscartha. Cuireadh í sa ghealtlann seo ar an 2 Meán Fómhair, 1958. Ba shaoririseoir í. Rinneadh mionstaidéar ar an scéal. Níor aimsíodh í, níor aimsíodh aon rud ach amháin teastas báis i dTeach Mapleleaf, gan corpán, imithe. Cá bhfuil tú, a Lana?

Is bleachtaire mé, agus cosúil le haon bhleachtaire a bhfuil ardmheas air, tá próiseas agam. De ghnáth, cruthaím scéal de shórt ón bhfianaise a fhaighim ag tús an cháis agus ansin, cuirim teoiric le chéile. Ag an tráth seo, sílim gur cuireadh bliain amháin príosúnachta ar Lana Winters, de bharr gur leispiach í. I dtaca an ama sin caitheadh go huafásach léi, rinne sí fianaise le brúidiúlacht na tearmainne agus choinnigh sí taifead den uafás le scéal a scríobh nuair a scaoileadh í, le fimíneacht Theach Dídine Mapleleaf a nochtadh. Mar sin, fuadaíodh Lana agus lig siad orthu go bhfuair sí bás, míníonn sé sin an teastas báis a aimsíodh. Anois, tá sí sáinnithe anseo i ngeimhle. Caithfidh mé fianaise an scéil sin a aimsiú. Caithfidh mé Lana Winters a aimsiú.

Jessica Summers.

29 Eanáir, 1961.

Ar ais arís. Fillim ar na seanghnáthóga. Seasaim isteach ar an ngealtachas. Mothaím nár fhág mé an foirgneamh ar chor ar bith. Tá cumas ag na ballaí seo cur isteach ar intinn duine. Siúlaim go gaisciúil síos dorchla Mapleleaf, mo cheann san aer, mo shála arda ag clagarnach ar an urlár tílithe, déanann an torann comhartha don tSiúr go bhfuilim anseo.

Siúlaim go diongbháilte i dtreo sheomra Lana Winters. Cloisim sconna atá ag sileadh. Stopaim. As eireaball mo shúile, feicim doras gorm atá le feiceáil ag deireadh an staighre. Tagann ré roithleagán orm. Ní osclóidh mé an doras sin.

Tugaim céim siar go héiginnte. Táim i mo sheasamh taobh amuigh de dhoras Lana Winters. Cuirim an doras ar leathoscailt, seo é m’áit shúgartha. Caithfidh go bhfuil an seomra lán le leideanna. Tá sé slachtmhar fós, seachas an bia atá ar an urlár atá ar fad ó mhaith. Bhí sí anseo. Tá fuarbholadh sa seomra. Cóip den bhíobla suite ar an deasc in aice le paca toitíní. Tá dual gruaige ar an leaba. Tá tost iomlán ann. Braithim go bhfuil neach éigin sa seomra. Feicim scáil ar an mballa os mo comhair. An tSiúr Bernadette.

“Beidh gach uile chomhad ar Lana Winters uaim láithreach,” a scread mé.

Lana Winters.

3 Feabhra, 1961.

Tá mé ag cuardach an mise fíor, sin an fáth a bhfuilim sáinnithe anseo, nó sin é a deir siad liom. Níl éinne do mo chuardach. Tá mé anseo fós, chomh cruinn le gráinneog i nduibheagán m’intinne. As mo mheabhair ag umar an éadóchais. Cuireadh san ‘ospidéal’ seo mé dhá bhliain ó shin. Rinne mé mo dhícheall cuntas a choinneáil ar uafás na háite seo le scéal a fhoilsiú ar son na n-othar eile atá anseo, iad ag fulaingt lá i ndiaidh lae. Ag glanadh sochaí na hÉireann atá siad, dar leo. Níl sa mheabhairghalar ach téarma faiseanta ar pheaca, a deirtear. Níl ann anseo ach seomra ceastóireachta. Ithim dhá uair in aghaidh an lae. Tá an t-uisce uilig imithe ó mo cholainn. Ní cuimhin liom rud ar bith mar gheall ar an ‘leigheas’ a tugadh dom. Tá fuil ag sileadh ón tsíleáil. Níl ionam ach corp i mo luí faoi fhothrach dubh Mapleleaf. Gheobhaidh mé bás taobh istigh de na ballaí seo. Cuidigh liom. Tar orm.

Jessica Summers.

3 Feabhra, 1961.

Leanann an clog ag bualadh gan stad ná staonadh… Tic toc, tic, toc… Nílim cinnte an bhfuil sé ina lá nó ina oíche amuigh. Tá na haltraí ag siúl anonn is anall agus iad suaite, ag stánadh uathu. Ag stánadh go fuar orm. Ormsa? Mise atá ar mo chiall anseo. Iarraim ar cheann de na haltraí míniú a thabhairt ar scéal Lana. Tosaíonn an bhean ag gáire.

“An bhfuil aon bharúil agat faoi Lana Winters?” ceistím í.

“Síos, síos, síos an staighre, síos staighre na spéire,” ar sí go stuacach. Táim i mo sheasamh ag barr an staighre, ag stánadh romham sa dorchadas. Tá dual gruaige ar an dara céim den staighre. Siúlaim. Feicim arís an doras gorm os mo chomhair, tá boladh géar ag teacht ón taobh eile den doras. ‘Rannóg ghlantacháin’ scríofa os cionn an dorais. Osclaím an doras. Dorchadas.

Feicim an tSiúr Bernadette.

“Conas atá ag éirí leat, Jessica?” a deir sí, “tá an chuma ort go bhfuil tú imithe le báiní.”

Rithim. Rithim suas staighre na spéire. Preabann mo chroí le gach céim a thógaim. Eagla m’anama orm. Tuigim an scéal anois. Tá an tSiúr Bernadette díreach taobh thiar díom. Titim. Titim síos staighre na spéire.

Tá mé timpeallaithe gan slí éalaithe agam. Tá na haltraí ag féachaint síos orm. Tá me i mo luí ar thíleanna fuara Theach Mapleleaf. Ag stánadh romham. Tá deoir amháin ag sileadh le mo ghrua. Briste.

“Ná bí buartha Miss Winters, ní ghortóidh seo thú in aon chor,” arsa an tSiúr Bernadette. Mothaím na drugaí ag bogadh le m’fhuil. Dorchadas.

An Dochtúir Harvey.

5 Feabhra, 1961.

  • Ainm: Lana Winters.
  • Seoladh: Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí.
  • Dáta Breithe: 10/1/1927
  • Inscne: Bean.
  • Meáchan: 60kg.
  • Airde: 5’5’’.

Cás: Tá Miss Winters lánchinnte gur bleachtaire darb ainm Jessica Summers í. Chuir a máthair i dteach na ngealt í dhá bhliain ó shin de bhrí gur leispiach í.

Siomptóim: Bíonn Miss Winters i gcónaí ag mungailt a cuid cainte. Bíonn sí i gcónaí ag déanamh tagairte don seomre teiripe leictri-thritheamhaí, nó an ‘doras gorm’ mar a thugann sí air.

Meabhairghalar: Scitsifréine.

Jessica Summers.

6 Feabhra, 1961.

Dúirt mo mháthair liom nuair a bhí mé i mo chailín óg glan, nach raibh mé i mo bhréagadóir maith. Nílim ag insint bréag. Cuidigh liom.

Buaiteoir

Ficsean do Dhaoine Fásta

Lógó Leabhar Breac

Urraithe ag Leabhar Breac