Aistear Soir

I gCéin

Grianghraf: Helen Hickson

“An féidir liom suí anseo,” a d’iarr sé. “Ní féidir,” a d’fhreagair mé. Bhí ar a laghad fiche suíochán folamh ar an mbus agus an fear seo ag iarraidh suí le m’ais. Shleamhnaigh sé tharam agus shuigh díreach in aice liom. Bhíos ar buile. Sheasas agus chuireas in iúl le gníomh agus focail mo chuid feirge. Suas go dtí an suíochán tosaigh liom agus chaitheas mé féin síos sa suíochán. Bhíos neirbhíseach agus trí chéile cheana féin gan bualadh leis an liúdramán seo.

Bhíos anseo san Úcráin chun coicís a chaitheamh ag obair i mainistir. Pidkamin ainm na háite go rabhas ag triail air. Baile tuaithe i ndeisceart na hÚcráine. Bheinn ag obair le grúpa oibrithe deonacha eile ar feadh coicíse ag cabhrú le deisiú agus iarrachtaí cruth a chur ar an mainistir a bhí tamall ina príosún agus anois leath di ag feidhmiú mar ospidéal do dhaoine le meabhairghalar. Bhí triúr manach ann ag déanamh deisiúcháin agus obair tógála chun é a chaomhnú.

Bhíos anois i mo shuí agus thógas amach an Kindle chun an t-am a chaitheamh. Labhair fear óg taobh thiar díom i mBéarla liom, “An bhfuil tusa ag dul chuig an mainistir? Chonaic mé ón Kindle go bhfuil tú ag léamh as Béarla agus cheapas b’fhéidir gur oibrí deonach tú?” Ógfhear ón Spáinn a bhí ann. D’fhreagraíos go rabhas. Bhog sé chun suí in aice liom. Chaitheamar an chuid eile den turas ag labhairt, cé sinn agus cad a cheapamar a bheadh romhainn. Bhí an chéad fhear fós ar an mbus. Cheapas b’fhéidir go raibh sé do mo leanúint. An mbeinn ag bualadh leis na manaigh agus an fear seo taobh liom? Cén saghas mí-áidh a bhí orm bualadh leis ar an gcéad dul síos? Uair imithe, é fós ar an mbus. Ach, cad é seo bhí sé ag seasamh suas. Shiúil sé suas chuig an tiománaí agus labhair sé leis, ansin chas sé timpeall agus ar mhaithe liomsa i mBéarla dúirt sé go raibh sé chun dul ag bualadh le bean. Is féidir trua agus bá a bheith agat do dhuine gan bualadh leo agus bhí trua agus bá agam don bhean sin. Is léir gur cheap sé go mbeinn in éad léi agus aiféala de shaghas orm toisc a fhógra ach mó léan bhíos sona sásta go raibh sé ag imeacht.

Tamall ina dhiaidh sin cheap mé agus an Spáinneach go rabhamar cóngarach dár gceann scríbe agus labhras leis an tiománaí a dheimhnigh go rabhamar. D’fhág sé sinn ar thaobh an bhóthair. Cúpla teach in aice linn agus radharc againn ar an mainistir suas uainn, ar thalamh ard, cnoc idir sinn agus é. Chonaiceamar rian na gcos, saghas cosán tríd an bpíosa talún seo agus thugamar aghaidh ar ár gceann scríbe. Bhíos cinnte agus mé ag pacáil gur an-smaoineamh an cás seo le rothaí air. Faraor, ní raibh mórán dealraimh leo i bpáirc. Bhí orm mo chás a iompar, ní raibh aon roth chun casadh ar an talamh seo. Tráthnóna brothallach a bhí ann agus sula i bhfad bhíos ag briseadh amach in allas. Rinne an Spáinneach iarracht cabhrú liom agus gach rith babhta thóg sé mo chás dom. Ansin bhí an bheirt againn fliuch le hallas. Leanamar ar aghaidh, an talamh ag ardú, sinne as anáil, agus ansin bhuaileamar le bean mheán-aosta agus bó amháin léi. Labhair sí linn. Ba léir gur chuma léi nach rabhamar ag labhairt ar ais. Faoi dheireadh thóg an Spáinneach amach bileog a seoladh chugainn mar chuid den eolas faoin gcampa. Ceann de na nathanna inti ná “Ní labhraím Úcráinis”. Thaispeáin sé an bhileog don bhean. Chlaon sí a ceann agus dúirt “áááá” amhail is go raibh tuiscint tagtha chuici. D’fhéach an bheirt againn ar a chéile ag aontú ar cé chomh húsáideach is a bhí an bhileog nuair a thosaigh sí arís ar shruth cainte. D’fhéach an Spáinneach orm agus dúirt go mífhoighneach, “Tá ag teip uirthi tuiscint!” Leanamar ar aghaidh agus sinn ag druidim cóngarach don mhainistir faoin am seo. D’fhágamar slán le bean na bó agus shiúlamar isteach faoi áirse mhór. Bhí séipéal ar chlé, dealbh do Mhuire bheannaithe os ár gcomhair agus fallaí móra timpeall orainn. Ní raibh éinne le feiscint nó fuaim le cloisint. Bhíos tuirseach agus ag smaoineamh an raibh míthuiscint de shaghas éigin ann. An raibh éinne timpeall? Tamaillín ina dhiaidh sin chualamar guthanna. Grúpa ag teacht inár dtreo. Fear chun tosaigh, ard, meangadh air: “Is mise Andreas, ceannaire ar an gcampa seo. Fáilte romhaibh. Bhíomar ag fanacht libh ag an mbóthar chuig an mainistir.” D’fhéach mé féin agus an Spáinneach ar a chéile. Bhí bóthar ann! “Fáilte go dtí an Úcráin!”

Chaitheas coicís sa mhainistir. Bhí na hoibrithe eile ón Rúis, ón Eilvéis, ón Iodáil, ón Ostair, ón Ungáir agus ón tSlóvaic. Rinneamar réimse oibre ann ach chaitheamar an chuid is mó den am ag tochailt i gclós ag folmhú cré, barra rotha i ndiaidh barra rotha á líonadh agus á iompar ón gclós. Chaitheamar ár laethanta oibre ag caint agus ag éisteacht le ceol. Lá amháin thángamar ar struchtúr tógtha as stroighin a bhí i bhfolach roimhe sin. Dúirt na manaigh linn stop a chur leis an tochailt agus gan dul níos giorra dó. In aice leis bhí piléarlann agus roinnt urchar aonair. ’Sé an tuiscint a bhí againne ná gur uaigh de shaghas a bhí ann. Bhí na manaigh tar éis a rá linn go raibh stair fhuilteach ag an áit agus go leor daoine curtha sna tailte mórthimpeall na mainistreach.

B’áit ar leith an mhainistir agus smaoiním uirthi minic go leor. Bhraitheas atmaisféar síochánta ann ach i gcodarsnacht leis sin bhí an méid a chualamar faoi dhaoine a maraíodh agus a bhí curtha ann. Bhí ard-mheas agam ar na manaigh agus iad ag déanamh a ndícheall chun cruth a chur ar an áit. Gach samhradh cuireann siad fáilte roimh oibrithe deonacha ó thíortha ar fud an domhain. Inár slí féin fágaimid rian ar an áit agus fágann an áit a lorg féin orainne.

Ba chuntas é seo ar thionscnamh a rinne mé le VSI san Úcráin. Le blianta anuas caithim coicís ag obair go deonach i dtíortha éagsúla i rith an tsamhraidh. Anuraidh chaith mé mí san Íoslainn agus sna blianta roimhe sin san Iosrael, sa Spáinn, sa Ghearmáin agus sa Bhruach Thiar.