"Tar ar ais, a Uasail Asal!"

Páistí

“Táim bréan de! Níl faic anseo ach féar, tuí agus bláthanna le hithe. Bléach! Táim chun dul go Tír na Milseán, áit ina mbíonn bia blasta i gcónaí. Deirtear go bhfuil na crainn déanta as seacláid agus na tithe déanta as arán sinséir!” arsa an tUasal Asal.

“Níl a fhios agam faoi sin, a Uasail Asal,” a d’fhreagair Bean Uí Chapaill.

“Tá an baile seo againne go deas. Tá an feirmeoir an-chairdiúil agus tugann sí aire dúinn an t-am ar fad. Tá an fheirm seo deas compordach, agus bíonn an-spraoi againn leis na héin sa choill mhór, leis na héisc sa loch agus leis na hainmhithe eile ar an bhfeirm. Féach ar an Uasal Muc, atá ag lapadaíl sa láib. Bíonn sé i gcónaí ag gáire agus ag insint scéalta magaidh. Nó féach ar Iníon Ní Shicín, bíonn sí i gcónaí ag cuidiú agus ag tabhairt tacaíochta dúinn. An cuimhin leat an lá a chaill tú do hata? Chuardaigh sí ó thús go deireadh an lae leat. Tá do chairde anseo, a Uasail Asal!”

“Ach beidh mé ábalta bualadh le cairde nua i dTír na Milseán. Chuala mé go bhfuil an fear sinséir an-ghreannmhar agus go mbeidh Hansel agus Gretal ann freisin.”

Agus leis sin, phacáil sé a mhála le gach rud a bhí ag teastáil uaidh. Agus ar ndóigh, a theidí, Sam.

“Slán leat!” arsa Bean Uí Chapaill, ag croitheadh a cinn.

“Ádh mór!” arsa an tUasal Muc, ag glanadh na ndeor.

“Go n-éirí an bóthar leat!” arsa Iníon Ní Shicín, ag giolcaireacht go brónach.

D’fhág sé an fheirm. Shiúil sé trasna na páirce, léim sé thar an mballa, agus chuaigh sé ag spágáil trasna na habhann.

Bhuail sé le luch bheag a bhí ag bailiú cnónna. “Conas atá tú, a Uasail Asal?” a d’fhiafraigh an luch bheag ghleoite. “Cá bhfuil tú ag dul?”

“Táim ag taisteal go Tír na Milseán!” arsa an tUasal Asal.

Tháinig dreach scanraithe ar an luch.

“T-T-T-Tír na Milseán? Chuaigh mo chol ceathrair go Tír na Milseán agus níor tháinig sé ar ais!”

“B’fhéidir go raibh sé chomh spraíúil ann nár theastaigh uaidh teacht abhaile!” a d’fhreagair an tUasal Asal. “Bhuel, slán!” agus lean sé ar aghaidh, ag feadaíl.

Bhí sé ag ag dul suas cnoc mór nuair a bhuail sé le madra rua.

“Conas atá tú, a Uasail Asal?” a d’fhiafraigh an madra rua glic. “Cá bhfuil tú ag dul?”

“Táim ag taisteal go Tír na Milseán!” arsa an tUasal Asal.

Tháinig dreach scanraithe ar an madra rua.

“Chuala mé go bhfuil arracht mór millteach ina chónaí i dTír na Milseán le craiceann glas agus starrfhiacla ollmhóra air!”

“Níl sé sin fíor ar chor ar bith” a d’fhreagair an tUasal Asal, cé go raibh sé ag éirí saghas amhrasach. “Níl tú ach ag smaoineamh ar Shrek, agus chuala mé go raibh sé an-ghealgháireach! Bhuel, slán!” Lean sé ar aghaidh, ag feadaíl an t-am ar fad. Bhí an tUasal Asal ag siúl in aice na habhann. Bhuail sé le bradán.

“Conas atá tú, a Uasail Asal?” a d’fhiafraigh an bradán cliste críonna. “Cá bhfuil tú ag dul?”

“Táim ag taisteal go Tír na Milseán!” arsa an tUasal Asal.

Tháinig dreach scanraithe ar an mbradán.

“Ná téigh ansin, is tír ghránna í! Cúpla bliain ó shin, ghlac arrachtaí, drochshióga agus trollanna seilbh iomlán ar Thír na Milseán. Chuir siad Shrek agus a chairde amach! Ach bhí siad róshantach, d’ith siad gach uile mhilseán sa tír. Agus anois, is áit ghránna, scanrúil í. Tá fearg an domhain ar na drochneacha, cionn is go bhfuil na milseáin imithe. Anois itheann siad gach treaspásóir.”

“Níl sé fíor, níl tú ach ag insint bréag,” arsa an tUasal Asal. Bhí dreach scanraithe air anois freisin, ach lean sé ar aghaidh ag feadaíl.

Tamall ina dhiaidh sin, shroich sé an bóthar go Tír na Milseán. Stop sé agus d’fhéach sé go faiteach air. Chuaigh an bóthar trí choill. Bhí sé dorcha faoi bhrat ceo. Chaith na crainn chama scáthanna aisteacha ar an talamh. Agus bhí sé ciúin. “Róchiúin,” a shíl sé.

Rinne sé slogóg mhór agus chuaigh sé isteach san fhoraois.

Shiúil an tUasal Asail trí na duilleoga marbha ar bharr a chrúibíní. Stop sé den fheadaíl. D’fhéach sé timpeall air go heaglach.

“Ní maith liom an áit seo” a shíl sé.

I ngan fhios dó, leag sé crúibín ar chipín. Baineadh blosc as an gcipín. Lig an tUasal Asal scréach as!

D’fhéach sé ar an talamh.

“Ó bhó go deo! Ní raibh ann ach cipín. Nach amadán mé!”

Go tobann, thosaigh na duilleoga ag crith. Rinneadh staic den Uasal Asal arís. Chuala sé coiscéimeanna torannacha i measc na dtom. Chuala sé guth domhain ag caint os ard: “TÁ RUD ÉIGIN ISTIGH INÁR BHFORAOIS!” Agus glór eile: “GO MAITH! NÍOR ITH MÉ BRICFEASTA INNIU AGUS TÁ OCRAS ORM!!!”

Bhí na coiscéimeanna ag éirí níos tapúla agus níos gaire dó.

Lig an tUasal Asal béic as. Rith se ar nós na gaoithe as an bhforaois. Shnámh sé go sciobtha thar an mbradán cliste críonna. Léim sé de ruathar thar an madra rua glic. Chuaigh sé ar cosa in airde thar an luch bheag ghleoite. Rith sé agus rith sé agus rith sé go dtí go raibh sé ar ais ar an bhfeirm.

Bhí lúcháir an domhain ar ainmhithe na feirme an tUasal Asal a fheiceáil arís. Bhailigh siad timpeall air agus chuir siad fáilte ar ais roimhe.

“Ní fhágfaidh mé an fheirm dheas arís go brách!” arsa an tUasal Asal.

Buaiteoir, 1ú Duais

Scéal do pháistí

Lógó Futa Fata

Urraithe ag Futa Fata