Nollaig Dhifriúil

Saol

Bhí muid le chéile arís. Ba chóir dúinn a bheith sásta ach mhothaigh muid brónach. D’fhéach mé ar mo mhamaí, bhí aoibh bheag ar a haghaidh. Ba thréimhse speisialta é ach ní raibh sé cosúil le gach bliain eile. D’airigh muid mo dhaidí uainn.

D’fhág muid Éire an lá roimh Oíche Nollag. Is cuimhin liom go maith é. Bhí sé fuar agus fliuch. Dála mo mhamaí agus mo dheirfiúracha mhothaigh mé uaigneach cé go raibh mo dheirfiúr Ali tagtha ar ais abhaile ó Shasana in am don turas.

Bhíomar ag dul go Búdaipeist. Mhothaigh mé níos fearr nuair a d’fhág mé mo theach mar bhí a lán cuimhní ann. Bhí mé ag smaoineamh siar ar Nollaigí m’óige. Dhúisínn roimh gach duine eile ach bhíodh orm fanacht go dtí go raibh siad go léir ina suí. Théimis síos staighre ansin agus bhíodh na bronntanais go léir faoin gcrann. Lasadh mo dhaidí an tine sa seomra suí agus d’osclaímis ár mbronntanais. Ach ba Nollaig nua, Nollaig dhifriúil í anois agus tar éis cúpla bliain bheimis i dtaithí air.

Nuair a shroicheamar Búdaipeist chuamar díreach go dtí an óstlann. Bhí sé go hiontach, bhí na seomraí galánta agus mórthaibhseach agus bhí sí suite i lár na cathrach. Bhí radharc álainn ó m’fhuinneog. Bhí na leapacha an-mhór agus an-chompordach. Bhí sé cosúil leis an gclár teilifíse ‘Downton Abbey’.

Oíche Nollag, chonaic muid an caisleán ar an mBúda. Thóg muid bád beag go dtí oileán Margaret. Turas iontach a bhí ann. Ina dhiaidh sin, shiúil muid in aice leis an abhainn ghorm, Abhainn na Danóibe, agus ag am lóin d’ith muid sa bhialann áitiúil. Bhí atmaisféar deas ann, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus bhí muid ar laethanta saoire le chéile. An oíche sin chuamar go dtí bialann Fhrancach. D’ith mé lacha le hanlann oráiste. Mhothaigh mé gur bhrionglóid a bhí ann. Bhí áthas agus tuirse araon orainn agus d’fhill muid ar an óstlann chun dul a chodladh go luath.

Lá Nollag, bhuel, bhí sé deacair gan mo dhaidí ach ag an am céanna bhí an t-ádh orainn go raibh muid ar laethanta saoire. Chuir muid ár n-éadaí snámha orainn agus ar aghaidh linn go dtí an Spa san óstlann. Bhí an linn snámha deas te agus chuir sé ar ár suaimhneas muid. Ansin, d’itheamar bricfeasta le chéile. Mhothaigh mé cosúil leis an mbanphrionsa. Bhíomar ag fálróid thart timpeall na cathrach. Cheannaigh mé cúpla bronntanas sa mhargadh. Bhí scamaill liatha sa spéir ach lá deas fionnuar a bhí ann. An oíche sin, tháinig Daidí na Nollag. Thug sé stocaí lonracha dom, éadaí deasa, agus bráisléad óir. Bhí an t-ádh orm, ach ní raibh mé i mo pháiste a thuilleadh. Bhí mé fásta suas agus gach rud difriúil, ach bhí draíocht ag baint leis an Nollaig go fóill.

An lá deireanach, shuigh muid sa mhargadh áitiúil agus chaith muid am le chéile ag caint agus ag ithe. Sa tráthnóna, d’fhág muid an óstlann ghalánta agus thóg muid eitleán ar ais abhaile. Bhí mé brónach an chathair a fhágáil, mar is cathair dheas í. Tháinig muid abhaile, agus bhí iontas orm mar nach raibh sé ag cur báistí. Bhí an ghrian ag taitneamh ach bhí ár dteach an-fhuar, díreach mar a bhí an lá uafásach úd sé mhí roimhe sin. Dheifrigh mé go dtí an chistin chun pota tae a réiteach. Shuigh muid chun breathnú ar scannán na Nollag le chéile agus rinne mé iarracht na cuimhní brónacha a chur i leataobh.

Turas iontach a bhí ann. D’fhoghlaim mé a lán rudaí faoi Bhúdaipeist agus b’fhéidir sa todhchaí, rachaidh mé ar ais le mo chairde. Ach an Nollaig seo chugainn, caithfidh muid cathair eile a roghnú mar b’fhearr linn gan a bheith sa bhaile timpeall an ama sin. Nílimid go hiomlán ar ár suaimhneas go fóill le seanchuimhní na Nollag nuair a bhí Daidí fós linn.