Mo Léan, Saol an Mhic Léinn

Iriseoireacht

Níl dabht ar bith faoi ach go bhfuil sé dúshlánach a bheith i do dhuine fásta scaití, go háirithe agus tú i do ‘dhuine fásta’ sa chéad bhliain sa choláiste. Cinnte, tá sé deich n-uaire níos fearr ná bliain na hArdteiste; agus cinnte dearfa, ní mó a chráfadh sé do chroí ná buachaill ar bith. Ach mar sin féin, bíonn nithe áirithe a fhágann oiread na fríde ar fud na háite thú agus tú ar do dhícheall sárú orthu!

1. Tú féin a chartadh as an leaba ar maidin.

Ní tasc éasca riamh é slán a fhágáil ag do philiúr agus tú fós leath i do chodladh. É sin ráite, ní bhíonn sé de rogha agat ach do chosa a tharraingt amach faoin bpluid agus a leagan ar urlár fuar adhmaid an tseomra leapan nuair a bhíonn Mam ina seasamh ag an doras ag bagairt ort agus ag méiseáil le cnaipe an tsolais. Scéal iomlán difriúil a bhíonn ann, áfach, nuair nach mbíonn duine ná deoraí thart leis an deis níos mó ama a chaitheamh i measc na mbraillíní a scriosadh! Ní hamháin go dtograíonn tú i bhfad an iomarca ama a chaitheamh ina dteannta agus léacht na maidine ar siúl, scaití ní fhágann tú don lá iad.

2. An saol sóisialta a smachtú

Cé nach dtuigeann tromlach na mac léinn ag an am é, tá an chéad trí seachtainí san ollscoil ar chuid de na seachtainí is fearr sa chéad bhliain. Ní bhíonn clabhsúr ar bith leis na himeachtaí sóisialta! Bíonn tú de shíor ag bualadh le daoine nua. Ní bhíonn do thuismitheoirí ródhian ort i dtaobh cúrsaí airgid mar go dtuigeann siad nach bhfuil sé éasca dul i dtaithí ‘ar an bhfreagracht uilig’ agus tú imithe óna gcúram. Agus an rud is fearr—is ar éigean go mbíonn léacht ar bith agat, gan trácht ar thascanna!

Ach mar is eol go maith dúinn ar fad, ní mhaireann aon ní ach seal. Sul i bhfad bíonn carn breá oibre os do chomhair amach agus bíonn sé damanta teacht ar chinneadh dul chuig ‘Dicey’s’ Dé Luain nó fanacht istigh i do phitseámaí. Cinnte, ba cheart duit fanacht i do shuí ag an mbord i measc na leabhar agus an ‘laptop’ ach i ndeireadh na dála is mac léinn tú agus ní féidir a shéanadh go bhfuil oíche spleodrach de Bhulmers agus de bhuachaillí deich n-uaire níos tarraingtí ná oíche ag smaoineamh ar an méid oibre atá romhat!

3. Cócaireacht

Rud nach ndeirtear go minic le mic léinn sula bhfágann siad nead chompordach an teaghlaigh ná an méid ama a chaithfidh siad ag smaoineamh ar bhia agus iad san ollscoil. Cinnte, déantar cúpla tagairt anseo is ansiúd d’eispéireas na cócaireachta aonair, m.sh. ‘beidh noodles agat chuile lá, háhá’ ach sin é! Ní insítear duit faoi réimse fairsing na mochas, macchiatos agus muifíní a bheidh ar fáil i gcaifé an choláiste agus faoin gcaoi a meallfar tú beagnach chuile mhaidin roimh léacht 9:00 r.n. airgead a bhaint as do sparán ar son na bpléisiúr beag sailleach siúcrúil seo!

Ní dhéantar tagairt ach an oiread don tslí go gcaithfear nithe bunúsacha ar nós ola a chrochadh leat chuig an gcoláiste díreach le rudaí chomh simplí le huibheacha a chócaráil, ná ní labhraítear ar an gcaoi go gcaithfear soithí a ní chuile gheábh gur mhaith leat greim a fháil le hithe nó blogam a bheith agat le hól! Ar ndóigh, ní bhíonn a leithéid de rud ann is cupán tae gan blas ‘Tesco Washing-Up Liquid’ air níos mó.

Ó is aoibhinn beatha an mhic léinn ceart go leor…

4. 17 vs 18

Tuigim nach mbíonn fadhbanna ag formhór na mac léinn ollscoile agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an gclub oíche tar éis lá fada ag freastal ar léachtaí, ach má tá aon duine agaibh cosúil liom féin (17 bliain d’aois ag tosú sa choláiste), beidh sibh breá ábalta comhbhá a dhéanamh maidir leis an taithí strusmhach a bhíonn le sárú nó go sroichtear an dáta speisialta sin ar a dtarlaíonn an trasdul ollmhór ó dhomhan na hóige go dtí an domhan fásta freagrach. Ní hiad na daoine a thráchtann ar cé chomh hóg is atá tú nó ar do theideal mar ‘leanbh an ghrúpa’ is measa, áfach, ach an streachailt iomlán a ghlacann sé cárta aitheantais a bhreathnaíonn oiread na fríde cosúil leat a fháil! Agus ná bac fiú leis an mbuairt a bhíonn ort go gcaillfidh tú é agus cúpla vodca ionat!

Agus céard faoi do chairde bochta, céard a dhéanfaidh siadsan má dhiúltaíonn an ‘bouncer’ ligean don leanbh teacht isteach? An rachaidh siad féin isteach sa chlub ded’ uireasa nó an dtógfaidh siad an tacsaí abhaile ar bhuille a haon déag a chlog?

5. Obair

Aisteach go leor, tá obair le déanamh sa choláiste! Mar shampla, staidéar agus tascanna rialta—fíric bhrónach a dhearmadtar go mion minic nó go sroichtear an tseachtain díreach roimh na laethanta saoire, tráth a mbíonn an leabharlann ag cur thar maoil toisc dáta dlite na dtascanna (a chríochnófar ag a trí a chlog an mhaidin dár gcionn) a bheith sa mhullach ar mhic léinn mhí-eagraithe a chaith an tseachtain léitheoireachta sa leaba! Déantar na gealltanais chéanna chuile bhliain le linn do thascanna agus scrúduithe a bheith ar siúl; a bheith níos eagraithe an chéad uair eile agus an obair a dhéanamh go leanúnach. Ach mar is eol dúinn uilig, ní tharlaíonn a leithéid ná baol air agus fillimid ar an ollscoil don chéad seimeastar eile le tús a chur leis an bhfáinne fí arís!

6. Tinneas Baile

Cé go ndeir muid uilig beagnach míle babhta sula dtugann muid aghaidh ar an oideachas tríú leibhéal go bhfuilimid tinn tuirseach den teaghlach agus den nósmhaireacht uilig a ghabhann leo, bíonn deora go leor le sonrú nuair a thagann an lá leis an vardrús a fholmhú agus an seomra leapan a thabhairt don siblín sceitimíneach sin.

Tagaimid ar an gcinneadh nach bhfuilimid réitithe beag ná mór le bheith freagrach asainn féin, nach mbeidh oiread is tuairim againn céard atá le déanamh san ollscoil agus mar sin go gceapfaidh an saol mór go bhfuil cill inchinne nó dhó in easnamh ionainn. Bíonn an bhuairt seo damanta agus bíonn sí le sárú ar feadh cúpla lá scanrúil gan chosaint nó beatha ón mbaile nó go sroichtear an tuiscint go bhfuil chuile ‘fresher’ eile sa bhád imníoch céanna! Agus, ar ndóigh, go bhfeicfear smut na dtuistí (agus béile ceart) Dé hAoine!

Buaiteoir, 1ú Duais

Iriseoireacht

Lógó Tuairisc.ie

Urraithe ag Tuairisc.ie