Laochra Spóirt inár Measc

Agallaimh

Brú, brú, brú de shíor. Léachtaí, staidéar, tionscadail, scrúduithe—agus fós tá mic léinn inár measc a bhfuil cáil orthu as éachtaí iontacha spóirt, ceoil nó imeachtaí eile a éilíonn a lán lán dua agus ama. Chas Aidan Geraghty le beirt de laochra spóirt na hollscoile, na peileadóirí iomráiteacha Ciarán Kilkenny agus Muireann Ní Scanaill.

Tá dhá thraidisiún beo bríomhar i nDroim Conrach inniu mar a bhí riamh anall, traidisiún na peile agus traidisiún na Gaeilge. Is mic léinn oideachais iad Muireann Ní Scanaill, atá ar fhoireann na mban do Bhaile Átha Cliath—foireann a chaill cluiche ceannais na hÉireann 2016, agus an-chonspóid faoi sin—agus Ciarán Kilkenny, atá ar fhoireann na bhfear do Bhaile Átha Cliath, a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh. Tógadh an bheirt acu le Gaeilge freisin.

Shroich Muireann agus a foireann an cluiche ceannais in 2016 don tríú bliain as a chéile—agus chaill siad i gcoinne fhoireann Chorcaí gach uair. Ní raibh duine ar bith in ann argóint a dhéanamh faoin toradh in 2014 agus 2015, ach in 2016 d’éirigh conspóid faoi chinneadh maoir a bhronn an bua ar Chorcaigh.

Le pointe amháin a bhuaigh Corcaigh an chraobh—ach bhí pointe tuillte ag Baile Átha Cliath sa chéad leath nár comhaireadh toisc gur chreid an maor go raibh an liathróid imithe amú.

“Tá sé deacair labhairt faoi fós,” a deir Muireann.

“Ní rud maith é, ach tharla sé agus caithfimid déileáil leis. Le cúnamh Dé, ní bheidh an fhadhb sin ann arís sa todhchaí.”

Muireann Ní Scanáil

Muireann Ní Scanaill i gcoinne Caroline O'Hanlon, Ard Mhacha. Grianghraf: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile.

Cé gur imríodh an cluiche i bPáirc an Chrócaigh, ní raibh an córas ‘Hawk-Eye’ ar fáil toisc nach bhfuil cead ag Cumann Pheil na mBan (CPB) é a úsáid. Dar le Muireann, beidh an craobhchluiche in úsáid ag an CPB agus iad ag iarraidh a thaispeáint do lucht rialaithe an Chumainn Lúthchleas Gael (CLG) chomh riachtanach is atá Hawk-Eye.

“Beidh an CPB in ann a rá gur gá an teicneolaíocht seo a chur ar fáil dúinn don chraobh mar is féidir le daoine botúin a dhéanamh—agus déanann na botúin sin an-difríocht.”

Tá Ciarán Kilkenny ar fhoireann na bhfear le Baile Átha Cliath. Tá trí bhonn Uile-Éireann aige, cé nach bhfuil sé ach trí bliana is fiche d’aois. Bhuaigh na sinsir craobh eile i 2011 sula raibh sé ag imirt leo, ach níl suim aige fós i gcomparáidí idir an fhoireann seo agus foireann na seachtóidí.

“Is deacair comparáid a dhéanamh go fóill. B’fhoireann iontach inspioráideach foireann na 1970idí, spreagadar agus chruthaíodar an cultúr agus an stíl imeartha atá againne inniu.”

“Bhí imreoirí den scoth acu agus ceannairí láidre, agus is cinnte nach mbeimis chomh rathúil gan iad.”

Chomh maith leis an rath a bhí air ó thús a ré idirchontae, bhí bliain den scoth ag an chlub, Caisleán Cnucha, i gcraobh Bhaile Átha Cliath. Shroich siad cluiche ceannais an chontae mar ar chaill siad in aghaidh Naomh Uinsionn.

“Ní dóigh liom gur féidir le haon imreoir amháin glacadh leis an gcreidiúint ar fad,” arsa Ciarán, nuair a ceistíodh é faoin ról a bhí aige sa rath seo ar an gclub.

Ciarán Kilkenny

Déanann Kieran Donaghy, Ciarraí, iarracht breith ar Chiarán Kilkenny. Grianghraf: Stephen McCarthy/Sportsfile.

“Ní féidir le haon imreoir amháin glacadh leis an milleán ar fad ar an lámh eile, nuair nach bhfuil rudaí ag dul go maith.

“An chúis gur éirigh chomh maith linn i mbliana ná gur ghlac gach duine ar an bpainéal le freagracht astu féin.”

Agus ní féidir riamh suí siar ná bheith sásta leis an méid a bhaintear amach le linn séasúir amháin.

“Beimid ag tosú ón tús arís an bhliain seo chugainn agus beidh orainn ar fad oibriú chomh dian agus níos déine fós.”

Beidh an meon ceannann céanna ag Muireann agus ag foireann na mban freisin. An tréith is suntasaí ag foirne Bhaile Átha Cliath, fir agus mná, ná an diongbháilteacht atá acu araon—an diúltú sin glacadh le cailliúint cluichí.

Feicfimid an tréith sin arís in 2017 agus is féidir a bheith cinnte go mbeidh siad san iomaíocht go tréan do Chraobh na hÉireann arís.


Ainmníodh údar an ailt seo do ghradam náisiúnta iriseoireachta do mhic léinn, na Smedias 2017, sa chatagóir Iriseoireacht trí Ghaeilge (Scríofa).