Is Cloíte an Galar an Grá

Ficsean

21/09/16 10:00 Club Thine Ifrinn

Bhraith sé an t-ardú mall teasa ag snámhaíocht suas a aghaidh, é dearg-ghnúiseach faoin fhéasóg choilgneach. Bhí a fhios aige go raibh gach duine ag breathnú air. Ag breathnú agus ag stánadh air agus é ina mheisceoir uaigneach. Aréir, nó ba chirte a rá, go moch ar maidin, d’ól sé braon thar a cheart. Dúirt na buachaillí rudaí nar thaitin leis: ‘Ní óg atá sé anois’, ‘Is seanbhaitsiléir é Pádraig’, agus ‘Gheobhaidh tú an seanphinsean go luath’.

Bhí sé ina ula mhagaidh acu. Ní thagann an óige faoi dhó choíche. Bhí an aois ag teacht air agus an t-uisce beatha á ól go tréan aige. Cad a bhí le taispeáint aige tar éis an tsaoil? Bhí an post seo aige ach ba phost fánach é. Faoi dheireadh na hoíche, chonaic Pádraig Ó Sé an radharc a bhí thíos faoi.

Bhí súile na cuideachta uile dírithe air agus é ag amharc síos ar an talamh. Seo chugainn é, ag éagaoineadh faoina shaol agus póit an diabhail air, agus os a chomhair amach, cailín óg ar an talamh, í clúdaithe le salachar. Déarfá go raibh cuma an chailín óig uirthi. Shíl sé dó féin go mbeadh tinneas cinn níos measa uirthise ná mar a bhí airsean, má bhí sí ina beatha fós. Má bhí.

Bhí poll mór ar chúl a cinn, sioctha le fuil mar gur chruaigh an fhuil isteach sa chuas. Ba chosúil gur buaileadh ar chúl a cinn í le huirlis ghéar. Cheap sé go raibh an phóit mar a bheadh pionós ann do na drochrudaí a bhí deanta aige.


“Ceart go leor, ar bhuille a trí ardaigh an corp. A haon. A dó. A trí.”

Chuir an saineolaí fóiréinsice an masc agus na lámhainní air agus thosaigh sé ar an imscrúdú ar láthair na coire. Rinne siad corpchuardach ar an gcailín. Agus iad á scrúdú, tháinig an smaoineamh in intinn an bhleachtaire Padraig Ó Sé go raibh sé seo tuillte ag an gcailín óg. Bhí sí óg agus an-álainn. Chuir sé saol an chailín bhoicht i gcomparáid leis féin. Thug sin ábhar machnaimh dó.

Sheiceáil siad a méar agus scairt fear amháin amach: "Níl aon fháinne uirthi". D'fhéach sé ar a mhéar féin ach ar ndóigh bhí sí lom. Agus ansin tháinig aiféala air gur thug sé an t-amharc sin. Ach bhí sé rómhall don aithreachas.

Saoirse Ní Aillín. A chéadsearc. B’í an duine ab ansa leis díobh go léir. Múinteoir scoile breá ab ea Saoirse óna bhaile féin i gCiarraí. Bhí sé sa chinniúint acu go bpósfaí ar a chéile iad. Má bhí. Ba spreasán é i gcónaí agus bhí sé pósta lena chuid oibre. Chaith sé an pósadh as a cheann. Chaith sé a chuid laethanta le ceannaithe drugaí, andúiligh drugaí agus coirpigh. Deich mbliana níos moille agus féach mar a bhí sé.

“Tabhair dom torthaí na dtástálacha fóiréinseacha ar an bpointe boise!” ar sé de bhéic.

20/09/16 15:55 — an lá roimhe

Nuair a chríochnaigh sí a léacht, shiúil sí amach as an gcoláiste chun an bus a fháil. Sheol sí téacs: ‘Tá mé ar an mbus, beidh mé leat tú go luath xx’. Phlástráil sí a haghaidh le smideadh mar bhí sí ag tnúth leis an oíche seo.

Stad an bus agus thuirling sí de. Dhreap sí suas staighre an árasáin de thruslóga móra. Chuardaigh sí an mála láimhe ó bhun go barr le heochracha an tí a aimsiú. Ach chuimhnigh sí gur fhág sé na heochracha faoin mata. Bhí greim aici ar a cuid eochracha, an mata agus an mála láimhe ag an am céanna. Thit sí isteach go místuama san árasán.

Go tobann, chuala sí torann sa seomra leapa. Rinne sí a bealach go dtí an seomra go cúramach. D’amharc sí taobh istigh. Bhí sí ina staic leis an ngeit a baineadh aisti. An cara is mó dá raibh aici agus a buachaill sa leaba. Bhí sí le ceangal. Ba dhlúthchairde iad tráth dá raibh, ach iad anois ina dúnaimhde.

“Imigh! Bailigh leat!” arsa sise de bhéic.

Shuigh siad suas sa leaba as a stuaim féin.

“Tóg go bog é, a Niamh,” arsa Séan.

“Ní thógfaidh mé go dtí go bhfágann sí an áit seo,” a scread sí in ard a cinn is a gutha.

“Tóg go réidh é, as ucht Dé” a d’fhreagair seisean de bhéic.

Chuir a cara a cuid eadaí uirthí. Níor fhéach sí idir an dá shúil uirthi agus í ag rith amach. Phlab an doras ina diaidh. Thug Niamh féachaint bhinbeach air. Bhí tost iomlán ann ar feadh cúpla soicind.

“Ní chuirfidh mé suas le mídhílseacht.”

D'fhógair sí ar a gamal de bhuachaill go raibh sí ag scaradh leis. Ach ní raibh sé sasta, chuir sé gothaí troda air féin. Bhí sí faoi bhos an chait ag Séan. Bhí sé buartha go gcaillfeadh sé í. Tharla sé i bhfaiteadh na súl. Thug sé iarraidh í a bhualadh. Bhuail sé ar chúl an chinn í agus í ag éalú amach an doras.

Bhuail scaoll é. Cad a rinne sé? Bhí an t-urlár báite le lochán fola.