Drámaíocht na Gaeilge i Lár an Stáitse

Iriseoireacht

Tá todhchaí na drámaíochta Gaeilge sna hamharclanna ina hábhar imní agus go leor daoine ag ceapadh go bhfuil drochbhail uirthi. Rinne gach mac léinn staidéar ar an dráma ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda don Ardteistiméireacht agus is dráma iontach é, ach ní leanann suim na mac léinn ina dhiaidh sin. Ní raibh aon dráma Gaeilge san áireamh i gClár na Bliana 2016 ag Amharclann na Mainistreach agus tá easpa drámaí Gaeilge ar stáitsí Bhaile Átha Cliath le fada.

Ní mar sin don phobal drámaíochta Gaeilge i nGaillimh. Tá an spotsholas ag lonrú ar Thaibhdhearc na Gaillimhe ar Shráid Láir na Gaillimhe arís ó rinneadh athchóiríu iomlán ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Bunaíodh an Taibhdhearc sa bhliain 1928 agus tá sí fós san fhoirgneamh céanna inar thosaigh sí. Tá an amharclann ag bogadh ar aghaidh ón tubaiste mhór a bhuail í sa bhliain 2007. Bhí tine fhíochmhar san áit agus rinneadh damáiste ollmhór don bhfoirgneamh.

B'éigean an amharclann a dhúnadh agus bhí athchóiriú iomlán ag teastáil. Osclaíodh arís í ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2012 agus mar thoradh ar an obair, tá na háiseanna is nuálaí ar fáil do na léiriúcháin a bhíonn ar an ardán. Tá áiseanna teilgin, soilsithe agus fuaimíocht den scoth ann mar aon le beár.

Nuair a bhí An Taibhdhearc dúnta ar feadh sé bliana i ndiaidh na tine, bhíodh drámaí á léiriú acu i Seanscoil Sailearna in Indreabhán, sa Dubhlann i nGaillimh agus in ionaid eile timpeall na cathrach. Níor tháinig deireadh le drámaíocht Ghaeilge na Gaillimhe agus ba mhaith liom an rud céanna a rá faoi Bhaile Átha Cliath. Tá fís úr ann don Taibhdhearc agus tá an pobal lárnach san fhís sin. Tar éis an athchóirithe, tá foireann na Taibhdheirce gnóthach leis an gclár úr atá dírithe ar lucht féachana idir óg agus aosta, idir dhaltaí meánscoile agus theaghlaigh.

Cuireann an Taibhdhearc trí dhráma Gaeilge dá gcuid féin ar siúl gach bliain agus ansin ligeann siad an t-ionad ar cíos do dhreamanna eile. Is féidir gach cineál ócáide Gaeilge a reáchtáil anseo: léachtaí, agallaimh, comhdhálacha, ceardlanna agus neart eile. Faigheann an Taibhdhearc maoiniú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus deir siad nach mbeadh siad in ann na seónna Gaeilge a chur ar siúl gan é.

An chéad léiriú eile a bheidh sa Taibhdhearc ná ‘Caith Amach É’ - Seó don Bhéaltriail Gaeilge 2017, le High Rock Productions. Is seó grinn den chéad scoth é atá bunaithe ar an tsraith pictiúr don Ardteistiméireacht. Maítear go bhfuil sé bríomhar, barrúil agus spreagúil, lán le stíleanna éagsúla drámaíochta: ceol, puipéid, idirghníomhíocht agus aisteoireacht fhisiciúil. Tá cuairt á tabhairt ag High Rock Productions ar scoileanna le ceithre bliana anuas, ó bunaíodh an seó in 2011. Tá an-tóir ag múinteoirí agus daltaí air, mar bhealach spraíúil chun daltaí a spreagadh i dtreo na Gaeilge, agus Tá ‘Caith Amach é’ feicthe ag breis is 20,000 dalta i 26 contae ar fud na tíre.

I measc na léiriúchán eile sa Taibhdhearc le tamall anuas, bhí: Fornocht do Chonac, Cinneadh na Circe, Ó Pheann an Phiarsaigh, Mac Beatha, An Triail agus Hans Christian agus a Chairde. Is seó aonair é Ó Pheann an Phiarsaigh a bhí ar siúl in an-chuid áiteanna sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre le linn 2016. Is as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill do Noel Ó Gallchóir, scríbhneoir agus aisteoir an léirithe, agus tá a shaol caite aige ag plé leis an oideachas trí Ghaeilge agus le cur chun cinn an chultúir. Sa léiriú pearsanta corraitheach seo ar shaol agus ar shaothar duine de mhórlaochra na hÉireann, Pádraig Mac Piarais, cuirtear seoda an tsaothair sin i láthair go máistriúil. Is léiriú paiseanta é ar an bPiarsach mar dhrámadóir cumhachtach, mar oideachasóir fadradharcach, mar réabhlóidí cróga agus mar fhear mórchroíoch a rinne cion ollmhór ar son na teanga agus an chultúir, agus a thug a bheatha ar son a thíre.

Tá an-tábhacht leis an obair a dhéanann An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, atá lonnaithe i gConamara. Eagraíonn An Comhlachas féilte drámaíochta in ionaid éagsúla timpeall na tíre. I ndiaidh do na moltóirí na léiriúcháin sna féilte áitiúla a mheas roghnaítear na drámaí don Fhéile Náisiúnta Drámaíochta. Tá beocht ar leith ag baint le Féile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéil. Beidh Féile Náisiúnta Drámaíochta 2017 ar siúl in Amharclann Chois Fharraige, Conamara 28, 29, 30 Aibreán. Tá suíomh gréasáin an-úsáideach ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta: www.drama-gaeilge.com.

Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn, agus é lonnaithe i gConamara freisin. Cuireann siad saothair nua agus chlasaiceacha ar stáitse ar shlí chruthaitheach, ag baint úsáide as puipéid, maisc, scáileanna, ceol, fuaim, agus le sraith de theicnící amhairc. Tá lucht féachana na mblianta romhainn á chothú agus á mhúnlú acu sa chaoi go bhféachtar ar dhrámaíocht na Gaeilge ar shlí spraíúil agus dearfach. Bunaíodh Fíbín Teo i 2003, agus an phríomhaidhm a bhí acu i gcónaí ná drámaíocht shiamsúil a chur ar fáil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge. Go dtí seo tá 40 seó léirithe ag Fíbín: An Triail, Tóraíocht, Saol faoi Shráid, Clann Lir, Trigger Martin agus Stair na gCeilteach, mar shampla. Chonaic breis is 100,000 duine in Éirinn léiriúcháin le Fíbín, gan trácht ar an lucht féachana i dtíortha éagsúla ar nós an Iorua, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Mhaláiv, an Bhreatain Bheag, Albain, an Bheilg agus tíortha eile nach iad! Dúirt Fíbín: "Ba bhreá linn an Ghaeilge a athbheochan agus a chur chun cinn ar mhodh taitneamhach agus nua-aimseartha".

Ag filleadh ar Bhaile Átha Cliath, tá Aisteoirí Bulfin an-ghníomhach sa chathair ó bunaíodh é i 1967. Compántas amaitéarach atá ann go bunúsach ach tá léirithe leathghairimiúla déanta acu ar stáitsí Bhaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Tá nua-dhrámaí á scríobh acu le fada an lá, agus tá Pádhraig Ó Giollagáin agus Aodh Ó Domhnaill ina bpríomhscríbhneoirí acu. Rinne siad Lón Leningrad i mí Dheireadh Fómhair 2016 i Smock Alley, After Sarah Miles i Scoil Bhríde, Ranallach, an mhí roimhe sin, agus léiriú cáiliúil ar an gceoldráma 1915 sa bhliain 2015.

Ach an leor an méid sin i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil na mílte cainteoirí Gaeilge agus gan Amharclann na Mainistreach ag freastal orthu? 'An amharclann náisiúnta' a thugtar air agus ba cheart go mbeadh an amharclannaíocht Ghaeilge ar fáil do chách ar fud na tíre. Tá an-chuid drámaí Gaeilge ar sárchaighdeán, iad lán de theanga shaibhir agus ábhar cliste. Tá an-chuid aisteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus gan iad le feiceáil ar stáitse in Amharclann na Mainistreach.

Tá mé lánchinnte go mbeadh lucht féachana sách ard dá leithéid freisin. D'fhéadfaí drámaí a léiriú dhá uair sa bhliain, ar feadh cúpla oíche in áit coicíse nó trí seachtaine. Thaispeáin an dráma Fornocht do Chonac in Amharclann na Péacóige conas is féidir todhchaí níos fearr a bheith ag drámaíocht na Gaeilge. Bhí an dráma le hEoghan Ó Tuairisc ar siúl 9–12 Samhain 2016, ar chamchuairt ón Taibhdhearc. Chonaic mé é ar an oíche Dé Céadaoin agus bhí atmaisféar iontach san amharclann sin, gan aon suíochan folamh. Bhí an taispeántas lasrach, gan locht agus nua-aimseartha.

An cheist atá agamsa ná dá ndéanfaí an obair agus dá mbeadh dramaí Gaeilge ar ardán na Mainistreach faoi dheireadh thiar, an mbeadh pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sásta éirí amach ón seomra suite agus freastal orthu? Tá an obair drámaíochta atá ar siúl i nGaillimh agus i gConamara ina dhea-shampla den rud gur féidir a bhaint amach! Táimid ullamh agus níl le déanamh ach tús a chur leis an seó.

Comhbhuaiteoir, 2ú Duais

Iriseoireacht

Lógó Tuairisc.ie

Urraithe ag Tuairisc.ie