Baku Abú!

I gCéin

Gearóidín agus a teaghlach in éineacht leis an sárimreoir fichille, Garry Kasparov (taobh le Gearóidín)
Coicís san Asarbaiseáin (Azerbaijan) i mí Mheán an Fhómhair 2016 ag Olympiad na Fichille. Foirne as breis is 170 tír ar domhan i láthair—agus duine de na mná ar fhoireann na hÉireann ná Gearóidín Uí Laighléis, léachtóir le Gaeilge in Fiontar & Scoil na Gaeilge. Thug sí cur síos do Scáthán ar an gcomórtas.

Bhí mé thar a bheith sásta gur éirigh liom áit a fháil ar an fhoireann an babhta seo, an séú huair dom ag imirt ar son na hÉireann in Oilimpicí na fichille. D’éirigh liom roinnt mhaith traenála a dhéanamh roimh ré agus bhí mé measartha muiníneach go mbeinn in ann scór maith a fháil. Taithí iontach a bhí ann agus d’éirigh liom freastal ar an dá thrá, ficheall a imirt agus gabháil chuig tír nua.

Bhí turas measartha fada ann, an chéad eitilt go dtí an Tuirc (an t-aerfort céanna inar maraíodh cuid mhór daoine an mhí roimhe sin), cúig uaire an chloig san aerfort sin agus ansin turas go Baku. Bhí stoirm ann agus muid ag trasnú na farraige agus mhothaigh mé nach mbainfimis an áit amach go deo. Bhí fonn orm dul ar bhus ar ais go dtí an Tuirc ar an bhealach abhaile—go dtí gur amharc mé ar an léarscáil!

Bhí an chuid eile den fhoireann ann romham. Bíonn cúigear ar fhoireann na mban agus cúigear ar fhoireann na bhfear; agus ceathrar ag imirt ón dá fhoireann gach lá. Comórtas foirne atá ann ach cluichí indibhidiúla atá iontu. Bhí sos agamsa an chéad lá, agus cé go raibh a fhios agam gur ag fanacht san Hilton cúig réalta a bheimis, bhí ionadh orm chomh hálainn is a bhí an t-óstán. Bhí na seomraí thar a bheith mór, na leapacha bog compardach, agus a thiarcais! bí ag caint ar an bhia! Bia álainn blasta agus an-éagsúlacht go deo ann. Bhí dea-spion orm nuair a thuig me go mbeinn ansin don choicís.

Taobh istigh de chúpla lá, bhí gnáthamh maith i bhfeidhm againn a lean ar feadh na coicíse. Bricfeasta thart ar a 8.00am, staidéar agus obair ar an chluiche go dtí tuairim is a 1.00pm, lón agus ansin an bus chuig an halla imeartha na gcomórtas, an foirgneamh céanna inar craobhscaoileadh an Eurovision Song Contest cúpla bliain roimhe sin. Busanna ag pilleadh ón halla óna 5 a chlog ar aghaidh, ach mise ann go minic go dtí a 8.00pm ar an ábhar gur imreoir fadalach go maith mé. Ansin dinnéar san óstán, agus tamall beag comhrá nó cúpla cluiche fichille roimh am luí.

Tá sé thar a bheith doiligh cur síos ar an dóigh a mothaím agus mé ag imirt sa chomórtas sin. Ní amháin go bhfuil tú ag imirt ar son na hÉireann ach tá tú sa seomra céanna le cuid de na himreoirí fichille is fearr ar domhan. Na laochra fichille sin a bhfuil a gcuid cluichí imeartha agus athimeartha againn féin sa bhaile, tá siad in aon seomra linn agus uaireanta san óstán céanna linn. I mbliana, mar shampla, bhí Magnus Carlsen, seaimpín an domhain, ag fanacht sa Hilton linn; agus dhá bhliain ó shin bhí comhrá breá fada agam le Garry Kasparov, a áirítear fós ar an imreoir ab fhearr riamh, mar gheall ar an fhicheall sa chóras oideachais. Agus is léir ón phictiúr thíos, a glacadh i dTromso san Iorua sa bhliain 2012, go raibh lúchair orm gur bhuail mé le hAlexei Shirov, an t-imreoir fichille is mó a bhfuil dúil agam féin ann.

Alexei Shirov

Bhí foireann an ostáin iontach cairdiúil agus thug duine acu thart ar chathair Baku muid ar an lá saor a bhí againn. Thaitin sé sin go mór linn. Sa taobh nua den chathair atá siopaí ar nós Gucci agus Armani agus na hóstáin áille; tá na teampaill agus na caisleáin thíos sa tseanchathair. D’fhoghlaim muid an-chuid faoi stair na cathrach agus na tíre. Cathair iontach nua-aimseartha atá ann, i bhfad níos nua-aimseartha ná an chuid is mó de na cathracha in iarthar na hEorpa agus i Meiriceá.

Tá cúrsaí polaitíochta iontach spéisiúil in Asarbaiseáin. Bíonn toghchán ann gach ceithre bliana ach ní bhíonn aon rogha ann, ní sheasann ach an t-uachtarán féin mar iarrthóir. An míniú a bhí ag muintir an óstáin air sin ná gur duine den scoth a bhí ann agus nárbh fhiú do dhuine ar bith seasamh ina éadan. Is leor nod don eolach, ar ndóigh, agus ba spéisiúil an ní é go raibh cuid de na maoir ag iarraidh víosa a fháil le gabhail chuig tír éigin eile, Éire, Meiriceá, An Bhreatain, ba chuma leo féin, fad is go n-éireodh leo imeacht as an áit.

Oíche amuigh

Foireann na hÉireann amuigh fá choinne béile in Baku an oíche roimh an lá saor a bhí againn.

Ar ais chuig na cluichí agus deireadh na himeartha ag druidim linn go mear. Chuaigh mise isteach chuig an chluiche deireanach ar 5/8. Dá n-éireodh liom an cluiche a bhaint, ghnóthóinn an teideal WFM (Woman FIDE Master). Bhí muid ag imirt in éadan na Táidsíceastáine, foireann a bhí an–mhaith ar fad. Ach mar sin féin isteach linn ag iarraidh an beart a dhéanamh. Mhair an cluiche s’agamsa féin beagnach cúig uaire an chloig agus bhí orm an pointe a roinnt agus géilleadh do chomhscór. Cluiche iontach maith a bhí ann agus cé go mbeadh sé go hiontach an teideal WFM a bhaint amach, bhí mé sásta leis. Abhaile linn an chéad lá eile agus muid ag smaoineamh ar an chéad Olympiad eile in Batumi, an tSeoirsia sa bhliain 2018.