An Snag Breac Ildaite

Páistí

Lá amháin, bhí snag breac san fhoraois. D’fhéach sé ar na créatúir gheala, ildaite a bhí thart air, agus ghlac sé trua dó féin. Ní raibh ach dathanna leamha airsean—dubh agus bán. Ba mhaith leis-sean a bheith go hálainn freisin. Shocraigh sé ceist a chur ar na neacha eile conas a d’fhéadfadh sé a bheith álainn mar a bhí siadsan.

Chonaic sé féileacán le gach dath air: glas, buí, gorm, corcra, bándearg, oráiste agus dearg. Chuaigh sé a fhad leis an bhféileacán agus d’fhiafraigh sé de, ‘Cá bhfuair tusa do dhath geal álainn? Ba mhaith liomsa a bheith ildaite freisin!’

Thosaigh an féileacán ag gáire agus dúirt sé, ‘Ní féidir leatsa a bheith ildaite. Is snag breac tú.’ D’eitil sé leis ansin agus d’fhág sé an snag breac ina aonar. Bhí brón air.

Chonaic sé meantán gorm ansin le dathanna deasa geala air: gorm agus buí. Chuaigh sé a fhad leis an meantán gorm agus d’fhiafraigh sé de, ‘Cá bhfuair tusa an dath geal álainn? Ba mhaith liomsa a bheith ildaite freisin!’

Thosaigh an meantán gorm ag gáire agus dúirt sé, ‘Ní féidir leatsa a bheith ildaite. Is snag breac tú.’ D’eitil sé leis ansin agus d’fhág sé an snag breac ina aonar. Bhí an-bhrón air.

Ina dhiaidh sin, chonaic sé bumbóg le dath deas geal uirthi: buí. An dath ab fhearr leis an snag breac. Chuaigh sé a fhad leis an mbumbóg agus d’fhiafraigh sé di, ‘Cá bhfuair tú do dhath geal álainn? Ba mhaith liomsa a bheith ildaite freisin!’

Thosaigh an bhumbóg ag gáire agus dúirt sí, ‘Ní féidir leatsa a bheith ildaite. Is snag breac tú.’ D’eitil sí léi agus d’fhág sí an snag breac ina aonar. Bhí brón an domhain air.

Shocraigh sé dul go dtí an t-ainmhí is críonna san fhoraois­—an t-ulchabhán. Chuaigh sé go teach an ulchabháin. Bhí sé an-bhrónach agus chuir sé ceist air, ‘Conas is féidir liom a bheith geal agus álainn? Ba mhaith liom a bheith ildaite freisin!’

Mhínigh an t-ulchabhán go raibh an snag breac dathúil agus go hálainn freisin, ach go raibh sé difriúil. D’eitil siad suas san aer.

‘Féach ort, tá tú ildaite agus go hálainn freisin.’

Nuair a bhí an ghrian ag taitneamh air bhí sé ildaite. Bhí dath glas, gorm agus corcra air.

D’fhéach sé air féin agus chonaic sé na dathanna go léir. Bhí ionadh air. Bhí sé ildaite agus bhí sé go hálainn. Bhí sé chomh hildaite agus chomh hálainn céanna leis an bhféileacán, leis an meantán gorm agus leis an mbumbóg. Bhí dathanna air nár thug sé faoi deara riamh roimhe sin.

Ghabh sé buíochas leis an ulchabhán agus d’eitil sé abhaile chun é féin a thaispeáint do na créatúir eile san fhoraois. Bhí gliondar an domhain air.

Comhbhuaiteoir, 2ú Duais

Scéal do pháistí

Lógó Futa Fata

Urraithe ag Futa Fata