Dé hAoine – ceathair a chlog.

Féach air. Ag tabhairt orduithe do gach duine. Boc tiarnasach. Bíonn sé ag sodar i ndiaidh na n-uasal.

“Cad atá tú a dhéanamh? An bodhrán balbh thú? Sciúr an t-úrlár. Déan deifir!” ar sé le cailín óg.

Táim ag obair sa chaisleán le tríocha bliain anuas agus bhí mé i gcónaí sásta ann. Ach fuair an rí bás agus thóg a mhac an ríchathaoir. Tá sé drochbhéasach agus éagórach. Tá sé éadrócaireach freisin. Táimid inár gcónaí in ifreann anois. Níl sé ceart. Tá sé ar m’intinn le déanaí ceacht a mhúineadh dó. Ach cad? Caithfidh mé dul ar ais ag obair anois. Beidh cóisir mhór anseo anocht.

Dé hAoine – Deich a chlog

Féach air anois. Gach cailín timpeall air. Truamhéalach. SIN É.

Sin mo cheacht. Cuirfidh mé é faoi gheasa. Geis uafásach. Beidh sé gránna cosúil lena phearsantacht.

Beidh starrfhiacla fíochmhara aige. Beidh crúba aige. Beithíoch allta. Agus ní thiocfaidh éinne go dtí an caisleán go deo arís.

Beidh sé ina aonar agus ní bheidh sé in ann duine ar bith a ghortú. Nuair a fhoghlaimeoidh sé a cheacht agus nuair a thaispeánfaidh sé cumas grá, b’fhéidir go mbainfidh mé an gheis.

B’fhéidir.