Le tamall fada anuas, bhí sé i m’aigne cuairt a thabhairt ar Mhálta: fuair mé an deis i mí Eanáir seo caite, agus má chuaigh mé ní raibh aiféala orm. Fuaireamar praghas réasúnta leis an eitilt (Ryanair) agus praghas den scoth maidir leis an óstán - €35 an duine in aghaidh an lae, le gach rud san áireamh (is no brainer é!). Bhí mo scrúduithe déanta agus laethanta saoire agam ón gcoláiste - ní raibh ar m’intinn ach dul ag taisteal agus bhí m’fhear céile sásta dul liom.

Thóg an eitilt ceithre uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath go dtí Málta. Shroicheamar an t-aerfort ar a hocht a chlog san oíche ach fuaireamar tacsaí go tapaidh agus bhíomar ag ithe ár mbéile roimh a naoi a chlog. Bhíomar ag smaoineamh roimh an turas ar charr a fháil ar cíos ach ní raibh aon ghá leis mar tá an córas iompar poiblí go hiontach agus córas na dtacsaithe chomh maith.

Bhí an t-óstán suite cois farraige i gCuan Naomh Pól, agus cé go raibh an aimsir fuar, bhí an ghrian ag taitneamh i rith an lae, agus bhí promanáid dheas trasna an bhóthair. Bhí an seomra leapa an-chompordach agus béile den scoth againn gach oíche. Bhí an beár oscailte ó mhaidin go hoíche agus bhí siamsóir ann gach oíche.

An mhaidin dár gcionn thógamar go bog é mar bhíomar tuirseach tar éis an turais. Fuaireamar suathaireachtaí deasa agus rinneamar taighde faoin gceantar.

An lá ina dhiaidh sin, Dé Sathairn, thógamar turas treoraithe timpeall an oileáin. Chuamar go dtí Valetta – príomhchathair na tíre. Cathair álainn cois farraige, lán le bialanna, siopaí agus seanfhoirgnimh. D’itheamar ár lón taobh amuigh mar bhí an aimsir go deas.

Nuair a dhúisigh mé Dé Domhnaigh bhí m’fhear chéile tinn agus ní raibh sé in ann éirí as an leaba. Bhí an fliú air. Bhí mé buartha mar bhí roinnt fadbhanna sláinte eile aige. Bhí an siopa poitigéara in aice linn agus fuair mé leigheas dó. Tar éis mo bhricfeasta, chuaigh mé amach ag siúl agus ag lorg aifrinn an Domhnaigh.

Bhí sé soiléir nárbh fhiú dom fanacht sa seomra leapa le m’fhear céile mar bhí sé ina chodladh. Tá gach saghas eaglaise agus ardeaglaisí móra ar an oileán mar is tír Chaitliceach é Málta (an tír dheireanach san Eoraip gan ghinmhilleadh, ach tá colscaradh agus pósadh comhghnéis dleathach anois).

Nuair a shroich mé an eaglais, bhí sé plódaithe – seandaoine agus daoine óga agus bhí ochtar sagart ar an altóir!

Ar an Luan, bhí biseach ar John agus thug aoi eile san óstán síob dúinn trasna an oileáin go dtí na bailte eile: Sliema, St Julians, Golden Bay agus ar ais trí Mdina, baile ársa. Is iarsmalann é anois, tá sé caomhnaithe cosúil leis na laethanta fadó, fadó.

Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le saoire i Málta:

Na buntáistí:

  1. Oileán álainn, aimsir andeas, 80 ciliméadar ón Iodáil
  2. Is é an Béarla an phríomhtheanga
  3. Tír ina bhfuil an ráta coireachta an-íseal
  4. Tá na daoine an-chairdiúil
  5. Tá an ailtireacht ar fheabhas agus tá an stáir an-suimiúil - ná caill an deis chun nahardeaglaisí iontacha a fheiceáil
  6. Tá an córas sláinte go hiontach

Na míbhuntáistí:

  1. Tá an tírdhreach beagáinín leadránach i gcomparáid le hÉirinn – ní raibh ainmhithe ar bith sna páirceanna, dúirt fear amháin liom gur fhan na hainmhithe faoin talamh an t-am ar fad!
  2. Tá an eitilt fada: ceithre uair an chloig
  3. Tá an cultúr cosúil le cultúr Shasana
  4. Tír ina bhfuil an-chuid éillithe sa rialtas
  5. Tá an bia an-bhlasta ach itheann siad coiníní go minic!

Caithfidh mé a rá nach raibh Málta ar an tír thar lear ab ansa liom ach is tír shuimiúil í agus ba mhaith liom dul ar ais i rith an earraigh nuair a bhíonn an fharraige níos teo chun dul a shnámh mar léigh mé go bhfuil an t-uisce an-ghlan. Chuamar abhaile Dé Máirt: fuaireamar an bus poiblí as an óstán go dtí an t-aerfort, seans eile an tír a fheiceáil roimh an turas abhaile. Is fearr liom an bus poiblí a úsáid mar is deis iontach na daoine áitiúla a chloisteáil ag comhrá lena chéile.

Tháinig an víreas an mhí ina dhiaidh sin, agus i bpreabadh na súl bhí cosc ar gach saghas taistil – anois tá formhór na neitiltí ar talamh. Nuair a thiocfaidh an lá nuair a bheidh deireadh leis an víreas, beidh mé ar bís chun turas thar lear a chur in áirithe! Tá m’iníon ina cónaí sna Stáit Aontaithe agus ag súil le leanbh i mí Aibreáin seo chugainn agus le cúnamh Dé, beidh mé ar an eitleán ag dul go Washington, ach mar a deirtear: “Is maith an scéalaí an aimsir”.