Nóta fúm féin

Dara de Poire is ainm dom agus tá mé dhá bhliain is fiche d’aois. D’fhreastail mé ar Choláiste Eoin, Gaelscoil i nDeisceart Bhaile Átha Cliath í agus bhain mé céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge anuraidh. Imrím iománaíocht leis an gclub áitiúil, Naomh Uinseann agus le foireann an Choláiste chomh maith. Mhúscail mo thuismitheoirí an-spéis sa Ghaeilge ionam agus mé óg. Thaitin an bhunchéim go mór liom sa Choláiste agus tá áthas orm go bhfuil cúpla bliain taitneamhach eile fós le déanamh agam! Tá tús curtha agam leis an taighde thuasluaite le déanaí agus is í an aidhm atá agam ná cur leis na saothair Ghaeilge ar fad i réimse na nuathéarmaíochta agus mo chuid torthaí féin a roinnt in am trátha!

Chuir mé tús le mo thaighde ar nuathéarmaíocht na Gaeilge i mbliana, mar chuid de mo thráchtas PhD. Déanfar iniúchadh ar mheon an phobail Ghaelaigh i leith na nuathéarmaíochta a cheaptar. Is ábhar spéise dom í an téarmaíocht Ghaeilge ach is mó conspóide a ghabhann leis na focail nuachumtha i measc lucht labhartha na teanga. Fiosrófar tionchar na nuathéarmaíochta i réimsí éagsúla sa Ghaeilge agus tuairimí na ndaoine atá laistigh de na réimsí seo. Ina theannta sin, beidh smaointe an phobail á mbailiú i dtaobh na dtéarmaí nua atá á gceapadh.

Tá fás na meán agus forbairt na teicneolaíochta le blianta anuas tar éis deiseanna dochreidte a chur ar fáil do theangacha ar fud an domhain, go háirithe do na mionteangacha, ar nós na Gaeilge. Ba í ceist na téarmaíochta agus ag ceapadh focal nua, an chloch is mó ar phaidrín an tSaorstáit le linn an fichiú haois. Is gá dul chomh fada siar le 1907, le teacht ar an gcéad choiste téarmaíochta neamhoifigiúil in Éirinn.

Coiste na dTéarmaí a tugadh air agus bhí Eoin Mac Néill agus Pádraig Mac Piarais mar bhaill de. Cuireadh coistí agus fochoistí faoi leith le chéile idir bunú an tSaorstáit agus 1968, agus foilsíodh go leor liostaí téarmaíochta a bhain leis an gCóras Oideachais go háirithe. Sa bhliain 1968 a bunaíodh an Buanchoiste Téarmaíochta, atá i bhfeighil ar théarmaíocht nua a sholáthar don Ghaeilge ó shin (An Coiste Téarmaíochta anois). Tá obair an Choiste Téarmaíochta le moladh ó lár sheascaidí na haoise seo caite. Ceapadh go leor téarmaíochta sainfheidhmí ó shin, gné thábhachtach de mhionteanga ar bith.

Is pobal beag é pobal na Gaeilge, agus sna pobail bheaga, ní tharlaíonn ceapadh focal go horgánach. Tá gá le hionchur seachtrach le go mbeidh téarmaíocht ann do choincheapa nua atá ag teacht chun solais ar fud an domhain. Tóg an coróinvíreas mar shampla, in iompú na boise, bhí flúirse téarmaí ar an bhfód nach raibh sa Ghaeilge chomónta; gartheagmhálaí (close contact), nó téarmaí nach raibh ann fiú agus go raibh gá iad a cheapadh, mar shampla, scaradh sóisialta (social distancing). Chuir foireann Gaois liosta fairsing le chéile de théarmaíocht na géarchéime seo agus d’fhaomh an Coiste Téarmaíochta na téarmaí nuachumtha. Is gné lárnach agus riachtanach den Phleanáil Chorpais é ceapadh téarmaíochta.

Aithnítear, áfach, go bhfuil scaipeadh agus ionphlandú na dtéarmaí atá á gceapadh ag an gCoiste Téarmaíochta ar chaighdeán níos ísle ná mar atá próiseas an chruthaithe acu. Is laige é seo nach féidir a bheith dall ar a thuilleadh. Is gnéithe riachtanacha iad scaipeadh agus ionphlandú, agus gan an taighde cuí a dhéanamh orthu, leanfaidh an bhearna ag fás idir an Coiste Téarmaíochta agus lucht labhartha na teanga, spriocghrúpa na hoibre seo ar fad. Cuirfear suim sna modhanna scaipthe atá ag mionteangacha i dtíortha eile agus déanfar anailís ar an gceist seo le fáil amach an bhfuil bealaí níos éifeachtaí ann chun téarmaíocht a scaipeadh i measc an phobail.

Ag deireadh an tráchtais, ba mhaith liom a bheith in ann a léiriú go bhfuil ríthábhacht ag baint le scaipeadh agus ionphlandú téarmaí agus go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna le téarmaí a chumadh. Tá go leor sainmhínithe teicniúla ar an rud is teanga bheo ann go baileach, ach dar liom, má tá drogall ar dhaoine na téarmaí nua a úsáid, tá sé ina ábhar buartha don teanga sin. Níl mórán maitheasa ag baint le hobair den chineál seo más obair in aisce í.