Tá an ghealach ag lonrú lena réaltaí sa spéir.
Tá tú ag tiomáint ’s mo chuid gruaige ag séideadh san aer.
Tá do raidió briste ach is cinnte gur cuma linn
nuair a líonann an nádúr an tost – an abhainn,
an ghaoth, éin ag fiach, ár ngáire.
I do charr táimid i bhfad ó eagla agus náire.
Casann tú do cheann i mo threo le gáire agus
feicim do sheoidíní – do shúile – lán le solas.
“An bhfuil fonn ort dul ar strae?”
Ionadh. Imní. Ní tada le rá agam ach “okay”.
Cuireann tú do chos síos. Méadaíonn an luas.
Táim i mbrionglóíd. Ar ard nua. Nílim ag teacht anuas.
Táimid óg. Saor. Dosháraithe – ag fágáil daoirse na cé.
Go tobann! An crann! Stop gach rud…agus b’shin é.