Láib, láib i ngach áit. Bhí sí cromtha síos ag tochailt sa láib. Péist! Rug sí greim air agus bhrúigh sí í isteach ina béal. Bhí gach rud donn le láib, a cuid gruaige, a gúna, a craiceann, a súile agus a hintinn. Ciaróg! Bhrúigh sí í isteach ina béal. Bhí sí ag crith, ach ní raibh sí ag crith leis an bhfuacht. Chuala sí rud éigin ait ag teacht ina treo.

“Cé thú féin? Cad atá á dhéanamh agat anseo?” a scread feirmeoir, é ar buile.

Sheas sí. D’fhéach sí air. Dhoirt mún go mall síos a cos, agus í ag stánadh air. Stop an feirmeoir, bhraith sé míchompordach ag féachaint uirthi. Bhí rud éigin ait faoin mbean seo. Thóg an feirmeoir a fhón amach as a phóca, ní raibh an mhuinín chéanna aige a thuilleadh, thosaigh sé ag cur glaoch ar na gardaí. Thosaigh an bhean ag crónán, ag scuabadh an talaimh lena lámha. Chas sí timpeall, is timpeall, is timpeall, í ag éirí níos tapúla le gach casadh. Rith an feirmeoir ar ais i dtreo an tí feirme.

“Cabhraigh liom, cabhraigh liom!” a bhúir sé. Stop an bhean, thit sí tóin thar ceann i lár na láibe.

Gorm. Bán. Gorm. Bán. Gorm. Bán. Gorm. An spéir ag dul timpeall, is timpeall, is timpeall.