Ag fánacht taobh istigh,
Nó in ár ngairdín taobh amuigh,
Le gach anáil a thógaimid,
Is saol eile a shábhálaimid.

Bímid ag bácáil ‘is ag obair timpeall an tí,
Ag léamh, ag scríobh is ag spraoi,
Gach uile theaghlach mór nó beag atá,
Ag cruthú cuimhní deasa gach uile lá.

Mar sin fanaimid scartha ach le chéile in ár gcroíthe,
Ag smaoineamh ar a chéile sáinnithe inár dtithe,
Ach tiocfaidh an deireadh, gach duine ag ceiliúradh,
Mar dá fhada an lá tagann an tráthnóna.