“Go maire tú trí thréimhsí spéisiúla. Agus níl aon dabht faoi, is thréimhse spéisiúil é seo.”

Chuala mé an nath sin ó bhéal tráchtairí go minic i rith na bliana agus muid faoi smacht ag an bpaindéim. Úsáideann siad an nath le rian ioróine óir an tuiscint atá acu ná gur beannacht atá ann. Ach, tá sin ag teacht salach ar bhunbhrí an natha. Is ón tSín a tháinig an nath áirithe seo agus ní beannacht a bhí ann ach mallacht. Go maire tú trí thréimhsí spéisiúla.

Ag tús na bliana, bhí an Delta Variant ag scaipeadh agus bhíomar faoi dhianghlasáil arís. Bhí Donald Trump go fóill ina uachtarán ar Mheiriceá agus ar an 6ú Eanáir bhí círéib in Capital Hill, Washington. Thart ar an am céanna, thosaigh mise mo sheal mar scríbhneoir cónaithe anseo in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Glac uaimse é, bíonn sé deacair díriú ar an scríbhneoireacht agus tú ag maireachtáil trí thréimhse spéisiúil.

Le linn na cónaitheachta, chuir mé neart ócáidí ar siúl do phobal na hollscoile. Thosaigh mé cúrsa scríbhneoireachta le grúpa deas scríbhneoirí. Chuamar ar thuras fíorúil chuig an nGailearaí Náisiúnta.

Bhí oíche airneáin againn le John Spillane. Thug an scríbhneoir agus foilsitheoir iomráiteach Tadhg Mac Dhonnagáin cuairt ar champas chun labhairt linn faoi leabhar nua leis, Madame Lazare. Níl i leabhar ach dúch ar pháipéar ach tá ceangail dhraíochta déanta idir samhlaíocht an léitheora agus samhlaíocht an scríbhneora. Tháinig mo leabhar úr féin amach le déanaí freisin, Dialann Emily Porter Thíos Seal Thuas Seal.

Taitníonn ficsean dírbheathaisnéiseach liom. Scéalta beaga grinn. Scríobh mé mo chnuasach féin i rith na cónaitheachta agus seo ceann amháin acu. “An Fáinne Óir” atá mar theideal air agus tá an scéal suite le linn tréimhse spéisiúla eile.

An Fáinne Óir

11ú Meán Fómhair 2001. Sa leabharlann a bhí mé nuair a chuala mé faoin taisme. Bhí baill foirne ag tuar go raibh an tríú cogadh domhanda ar na bacáin. Bhí mic léinn ag gol. Ní raibh mé féin. Bheartaigh mé dul ar an drabhlás.

Shruthlaigh an Guinness i dTigh Neachtain. Faoiseamh faighte. Ar an mbealach abhaile, fuair mé sceallóga i McDonaghs. Siúlóid daichead nóiméad a bhí romham. Nuair a shroich mé baile, b’ait liom doras an tí a bheith ar oscailt. Ní raibh éinne sa teach, chuaigh na daoine a bhí ag roinnt an tí liom abhaile don deireadh seachtaine. Bhí buidéal plaisteach Fanta ar an urlár. Ní ólaim Fanta. Bhí an chistin ina praiseach. Amhlaidh a bhí an scéal i mo sheomra leapa. Rinneadh buirgléireacht ar an tigh. Láithreach bonn bhí an mheisce bainte díom.

Thug mé faoi deara go raibh mo mhála spóirt Umbro, mo discman agus trí hoodies liom ar iarraidh. Níos luaithe sa bhliain, fuair mé bronntanas ó uncail liom. “Rinne do sheanathair é seo agus é sa champa géibhinn sa Churrach. Is leatsa anois é.”

Fáinne óir a bhí ann. Ceann a chaithfeá ar do sheaicéad chun daoine a chur ar an eolas go raibh Gaeilge agat. Bhreathnaigh mé sa taisceadán cois leapa. Bhí an fáinne óir goidte freisin. Chuir mé fios ar na Gardaí ar an bpointe. Dhá uair ní ba dhéanaí, tháinig siad.

“Is léir dom gur úsáid sé an buidéal seo chun an doras a oscailt,” arsa mise ag taispeáint an bhuidéil Fanta, “gach seans go mbeidh sibh in ann méarlorg a aimsiú ón mbuidéal.”

Lean mé ar aghaidh.

“Go bhfios dom, níor thóg sé aon rud ón gcistin.”

Thaispeáin mé toitín caite ar an urlár.

“B’fhéidir go mbeidh sibh in ann DNA a fháil uaidh seo óir ní chaithim féin.”

“Smaoineamh maith,” a dúirt an Garda ba shine acu.

“Cad a ghoid sé nó siad?” arsa an té eile.

“Hoodies, discman agus an fáinne óir. Bhí m’obair bhaile goidte acu fiú, é sa mhála spóirt.”

Bhain sin gáire míphroifisiúnta as na Gardaí.

“Tá aithne mhaith againn ar na déagóirí a rinne é seo, tá cónaí orthu san eastát in Westside,” arsa an Garda ba shine.

Léas dóchais a bhí ann dom.

“Is láthair choire atá anseo. Beidh na bleachtairí ón tsaotharlann leat amárach. Beidh siad ag dustáil. Ar tóir méarlorg agus DNA mar a dúirt tú. Beidh grianghrafadóir leo freisin.”

Thug sé a uimhir fóin phearsanta dom ar fhaitíos go rithfeadh aon rud liom idir an dá linn.

Ghabh mé buíochas ó chroí leo. “Is cuma liom faoin discman, faoi na hoodies, táim ag lorg an fháinne óir ar ais, sin an méid.

Na cuimhní a bhaineann leis.”

“Déanfaimid ár seacht ndícheall.”

An lá dár gcionn, d’fhan mé go foighneach ar na bleachtairí. Theastaigh buidéal Lucozade go géar uaim ach bhí mé buartha go dtiocfaidís agus mé imithe chuig an siopa.

Bhí sé ag druidim le ham tae nuair a smaoinigh mé ar an uimhir fóin a thug an Garda ba shine dom. Bhreathnaigh mé ar an bpíosa páipéir. Ní uimhir fóin a bhí ann. Admháil ó Supermacs a bhí ann. Is ansin a thuig mé nach bhfeicfinn an fáinne óir arís.

Chuaigh mé chuig an siopa le buidéal Lucozade a cheannach. É sa chuisneoir in aice leis an Fanta. Bhreathnaigh mé ar na nuachtáin, iad clúdaithe le híomhánna uafásacha. Sceon i Manhattan.

Bhí deora i mo shúile.

Foilsíodh an scéal seo san iris Splonk Eagrán 5 i rith na bliana.