Reáchtáil an Institiúid Náisiúnta don Fhoghlaim Dhigiteach (NIDL) in DCU agus an Chomhairle Idirnáisiúnta don Oideachas Oscailte agus don Chianoideachas (ICDE) an Chomhdháil Dhomhanda don Fhoghlaim ar Líne i mBaile Átha Cliath an tSamhain seo caite.

Bhailigh os cionn 800 duine ó níos mó ná 80 tír in ionad comhdhála Bhaile Átha Cliath don 28ú Comhdháil Dhomhanda don Fhoghlaim ar Líne thar thréimhse cúig lá, chun páirt a ghlacadh san imeacht a bhí ar “cheann de na comhdhálacha idirnáisiúnta is mó agus is rathúla” sa réimse.

Bhí ról lárnach ag an NIDL sa chomhdháil agus an tOllamh Mark Brown, Stiúrthóir an NIDL, mar Chathaoirleach na comhdhála. Chomh maith leis sin, bhí an Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl, atá i bhfeighil ar The Ideas Lab san NIDL, agus an tOllamh Joe O’Hara ón Institiúid Oideachais in DCU, ina gcomhmhodhnóirí ar feadh na comhdhála.

“Athrú Saolta agus Sochaithe” ab ea téama na comhdhála, agus mar chuid den téama seo, labhair na príomhchainteoirí faoi na fadhbanna agus deiseanna a bhfuil oideoirí ag tabhairt aghaidh orthu i ré na comhcheangailteachta digití. Rinneadh plé agus iniúchadh ar cheisteanna cosúil le “Cad atá i ndán don fhoghlaim ar líne?” agus “Conas a chabhraíonn foghlaim ar líne le todhchaí níos fearr a bhaint amach?

Bhí an-chuid cainteoirí éagsúla ag labhairt agus ag tabhairt a gcuid tuairimí ar na ceisteanna seo.

Ina measc bhí Simon Nelson, príomhfheidhmeannach an ardáin FutureLearn; John Baker, bunaitheoir an chomhlachta D2L (Desire2Learn); agus Belinda Tynan, Leas-Uachtarán agus Seansailéir Oideachais in Ollscoil RMIT i Melbourne na hAstráile.

Mar chuid den chomhdháil, d’eagraigh The Ideas Lab, ionad de chuid an NIDL in DCU, clár cultúrtha do rannpháirtithe na comhdhála.

(Ar ndóigh, tá The Ideas Lab i bhfeighil an tionscadail “Fáilte ar Líne” i gcomhar le Fiontar & Scoil na Gaeilge, sraith de chúrsaí Gaeilge ar líne atá dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim ar fud an domhain.)

Is éard a bhí i gceist leis an gclár ná sraith imeachtaí agus eachtraí éagsúla a bhain le cultúr na hÉireann chun blaiseadh a thabhairt do rannpháirtithe na comhdhála ar theanga, cultúr agus oidhreacht na tíre.

Léigh scríbhneoir cónaithe DCU 2019, Réaltán Ní Leannáin dán dá cuid, “Solas an Léinn/Learning in the Light” chun an ócáid a oscailt. Is dán cliste é seo a labhraíonn faoin bhfoghlaim. Tagraítear do bhéaloideas agus cultúr na hÉireann i gcoitinne agus tháinig an dán go smior le téama na comhdhála.

D’éirigh go geal leis an gcomhdháil agus bliain ina diaidh anois tá an chuma ar an scéal go gcuirfear an-bhéim ar fad ar chomhdhálacha cosúil leis seo agus an fhoghlaim dhigiteach i gcoitinne. Dar leis an Ollamh Mark Brown: “Ní raibh cliú dá laghad ag na mic léinn a chabhraigh go mór linn anuraidh, ár n-ambasadóirí, ní raibh a fhios acu cé chomh tábhachtach agus a bheadh an toideachas ar líne dóibh agus paindéim buailte linn, chun leanúint ar aghaidh lena gcuid léinn agus foghlama, agus i gcásanna áirithe, chun a gcéimeanna a chríochnú.

Ar go leor bealaí, is deis í an phaindéim agus an casadh i dtreo an oideachais ar líne d’oideoirí athshamhlú a dhéanamh ar choincheap an oideachais don todhchaí. Ar an mbonn sin, tá téama na comhdhála ‘Athrú Saolta agus Sochaithe’ níos tábhachtaí anois ná mar a bhí sé nuair a bhailigh gach duine le chéile i mBaile Átha Cliath anuraidh.”

Mar a scríobh Réaltán ina dán: “Ach ní hamhlaidh inniu teorainn dorcha don léinn”. Dóchas anois agus dóchas don todhchaí.

Oirfidigh an chláir chultúir WCOL 2019

  • Réaltán Ní Leannáin – Scríbhneoir cónaithe DCU & File
  • Setanta CLG, Noreen Leech & Seán Clancy CCÉ – School of Irish Traditional Music, Baile Munna.
  • Inis Ealga – School of Irish Dancing, Baile Munna.
  • Tom Smith – Amhránaí is scríbhneoir
  • Dr. Róisín Blunnie – Léachtóir in DCU, Stiúrthóir córúil, ceoltóir & amhránaí
  • Orla Shannon – DCU, Soprán
  • Trudy Maguire – DCU, Amhránaí & Ceoltóir
  • Martha Ní Chianáin – Amhránaí agus Ceoltóir Tradisiúnta
  • Ailbhe Dunne – Amhránaí is scríbhneoir
  • Dr. William Murphy – DCU, Léachtóir & Staraí
  • Anne Dolan – Staraí
  • Siobhán Ní Chonaráin – Fliúit & Feadóg, Comhaltas Ceoltóirí Éireann
  • Mary Kelly – Cruit, Comhaltas Ceoltóirí Éireann
  • Aoife Griffin – Fidil & Damhsóir ar an sean-nós, Comhaltas Ceoltóirí Éireann
  • Jack Breathnach – Píobaí uilleann, Comhaltas Ceoltóirí Éireann
  • Mar Redmond - Píobaí uilleann, Comhaltas Ceoltóirí Éireann
  • Ceoltóirí na Cathrach – Traditional Music Group