Tháinig an lá faoi dheireadh! Bhí sé beartaithe ag Sheena an séabra éalú óna rannóg sa zú. Chinntigh sí fanacht go dtí go raibh an coimeádaí zú ina chodladh. Ní raibh sí sásta a bheith ina séabra níos mó!

Bhuail an clog a hocht a chlog, bhí sí tar éis béile mór blasta a bheith aici agus bhí a bolg chomh lán le madra an bhúistéara. Bhí sí réidh le tosú ag tochailt, thosaigh sí ar luas lasrach, gan stopadh go dtí go raibh poll mór domhain ag dul faoi na barraí . Bhí allas ag rith síos a ceann, ní raibh na stríocaí le feiceáil ar a cosa de bharr an chlábair…. Agus bhí sí sásta faoi. Faoi dheireadh, tar éis trí uair an chloig ag tochailt, fuair sí amach as a rannóg.

“Hmm, ba bhreá liom a bheith níos airde,” a dúirt sí léi féin. Chuaigh sí go dtí rannóg na sioráf. “Dia daoibh, is mise Sheena, ní maith liom chomh beag is atá mé. An féidir liom a bheith i mo shioráf, le do thoil?” a d’fhiafraigh sí. Thosaigh na sioráif ag gaire.

“Ní féidir leat a bheith i do shioráf, is séabra tú agus tá méid foirfe ionat mar shéabra,” a dúirt an sioráf is airde léi. Shiúil Sheena ar aghaidh.

“Hmm, ba bhreá liom a bheith níos cliste,” a dúirt sí léi féin. Chuaigh sí go dtí rannóg na n-eilifintí.

“Dia daoibh, is mise Sheena, ba mhaith liom a bheith níos cliste. An féidir liom a bheith i m’eilifint, le do thoil?” a d’fhiafraigh sí. Thosaigh na heilifintí ag gáire trína dtruncaí. “Ní féidir leat a bheith i d’eilifint, is séabra tú agus tá tú an-chliste,” a dúirt an eilifint is sine. Shiúil Sheena ar aghaidh.

“Hmm, ba bhreá liom a bheith níos láidre,” a dúirt sí léi féin. Chuaigh sí go dtí rannóg na dtíogar. “Dia daoibh, is mise Sheena, agus ba bhreá liom a bheith níos láidre. An féidir liom a bheith i mo thíogar, le do thoil?” a d’fhiafraigh sí. Thosaigh na tíogair ag gáire lena bhfiacla géara. “Ní féidir leat a bheith i do thíogar, is séabra tú agus tá tú an-láidir,” a dúirt an tíogar is mó. Shiúil Sheena ar aghaidh.

Bhí díomá ar Sheena. Chuaigh sí go dtí rannóg na moncaithe. “Dia duit is mise Sheena, níl mé sásta mar shéabra, an féidir liom a bheith i mo mhoncaí, le do thoil?” a d’fhiafraigh sí. Thosaigh na moncaithe ag gáire. “Cén fáth nach bhfuil tú sásta, tá stríocaí galánta ort nach bhfuil ag aon ainmhí eile sa zú,” arsa an moncaí a bhí ag luascadh ó chrann go crann. “Ba mhaith liom a bheith i mo shéabra, is féidir libh rith go gasta, tá sibh an-láidir agus tá tú níos airde na muidinne,” a dúirt moncaí eile.

Níor smaoinigh Sheena an séabra uirthi féin mar ainmhí sainiúil riamh ach bhí an ceart ag na moncaithe. Bhí stríocaí bána agus dubha galánta uirthi, bhí sí ard, bhí sí cliste, bhí sí láidir…. BHÍ SÍ FOIRFE MAR A BHÍ SÍ!

Rith sí abhaile go dtí rannóg na séabraí agus thit sí ina codladh tar éis an lae fhada a bhí aici. D’éirigh sí ar maidin agus ar an taobh eile de na barraí bhí na céadta daoine ag stánadh uirthi agus ag glacadh grianghraf. Faoi dheireadh, dúirt Sheena léi féin, “Is breá liom a bheith i mo shéabra!”