Bogann an peann ina ghluais-gluais ar phár, gach scríob, gach stríoc, gach scuis
Ina chathú do Phangúr Ban, an cat.
An dúch ag lonrú faoi sholas buí an choinnil
A phreabann is a thagann is a imíonn i bhfolach sa dorchadas máguaird,
Cosaint fhánach ag manach ó na táibhsí is ó na scáileanna a líonfadh an dorchadas.
Mochthitim na hoíche ag fógairt deireadh le léann
In Aimsir Bhanríon an Gheimhridh, Aimsir Bhéara, í
Ina gabha fuardorcha - ar nós Danu is a clann.
Máthair na nDéithe, Cailleach an Fheasa - Samhain a séasúr, oidhreacht Ogma a táin.
Ach ní hamhlaidh inniu teorainn dorcha don léinn,
Na múrthaí sin ina smionagair roimh na gréasáin leictreonacha
I ré seo an tsolais.
Teicneolaíocht an eolais, an léann inár nglac, sinn ar fad, ag cách.
Díocas is dóchas, deireadh le himeallchríoch oíche,
Oscailte do chách, cuma aois, saghas ná aicme, gnéas, dúchas, ná cine -
Tá na ballaí titithe, ar oscailt don ghléine,
Feadáin dóchais ina dtuilte, ina ngile, ina ndílí.
Gaois na n-aoiseanna gan folú gan smachtú gan srian,
Á scaipeadh go mear tríd an mhearchlár -
Cliceáil na gcnaipí ina chlagarnach, ina rabharta, ag líonadh an tosta.
Lugh nua an tSamhraidh chugainn, Bríd Gheal an úirEarraigh, leis.
Inniu, bíonn máthair ag bagairt gach créacht is mífhortún
‘Muna múchtar an gléas sin . . . ’ istoíche.
An scáileán ag lonrú go gléigeal ar leiceann,
Clibcheab an eolais ó luibhne.
Athnuachaint, athbheochan, athshaol do gach duine - fear nó bean, óg nó aosta.
Agus Pangúr Bán, an mac? Gluais-gluaisimid, le chéile. Ar fad.