Is dalta í Kellie atá ag freastal ar Scoil Chaitríona i nGlas Naíon. Tá sí seacht mbliana déag d’aois. Is as Baile Munna í. Scríobh sí an dán seo anuraidh, nuair a bhí sí san idirbhliain. Tá grá ollmhór aici don Ghaeilge. Bhí Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir cónaithe DCU 2019, ag obair le Scoil Chaitríona i 2020. D’eascair an dán seo ón obair a rinne sí le lucht na hidirbhliana.

Ba chóir go mbeinn i mo chodladh,
Ach táim im' shuí le smaointe,
Smaointe dearfacha faoin todhchaí amháin,
’S cá rachaidh mé.

Smaointe de mhargaidh ildaite agus bianna difriúla blasta,
Daoine ag insint scéalta trí dhamhsa,
Ní bheidh focail á rá.

Oíche mheirbh ar an trá,
Gan dabht san aer,
Ach píosa grá.

Ní bheinn ar meisce ’s ní bheinn ag ól.
Tá na cuimhní níos tábhachtaí sa saol atá romhainn.
Na réalta ag lonnrú anuas orm.
Ba chóir go mbeinn i mo chodladh
Ach táim im' shuí le smaointe.