Go hiontach, is breá liom cnámha. Chonaic mé mo mháistir ag teacht chugam le cnámha deasa ina lámh. Chuir sé iad ar an talamh agus rith mé ina dtreo. Thosaigh mé ag léim is ag tafann le háthas. Bhí mo mháistir ag gáire.

“Is madra amaideach thú, ach is tusa an madra is dílse sa tír seo. Bain sult as do bhéile, agus ná bí ag cur isteach ar na buachaillí! Tá siad ag iarraidh iománaíocht a imirt. Tá a fhios agam go bhfuil fonn ort imirt leo agus caithfidh tú a bheith ar garda anocht. Beidh na daoine is tábhachtaí sa cheantar ag teacht go dtí an féasta mór.”

D’fhéach mé ar an buachaillí ag imirt iománaíochta. Ba bhreá liom a bheith leo, ag rith timpeall na páirce le sliotar i mo bhéal. Ach, bhí a fhios agam go mbeadh jab le déanamh agam. Lean mé ar aghaidh ag cnaí na gcnámh. Ansin d’éirigh mé tuirseach, agus thit mé i mo chodladh.

Chuala mé coiscéimeanna agus phreab mé suas. Chonaic mé buachaill ag teacht chugam. Bhí sliotar agus camán ina lámh. Bhí áthas an domhain orm. B’fhéidir go n-imreodh sé liom. Bhí mé ar bís. Thosaigh mé ag tafann.

“Tabhair dom an sliotar, Tabhair dom an sliotar!” Stop an buachaill. Bhí an chuma air go raibh a chroí ina bhéal. B’fhéidir nár chuala sé mé. Thosaigh mé ag tafann níos airde.

“Tabhair dom an sliotar, Tabhair dom an sliotar!” D’ardaigh an buachaill an camán. D’oscail mé mo bhéal chun greim a fháil ar an liathróid. Bhuail sé an sliotar agus d’eitil sé ar luas lasrach. I bpreab na súl, bhí an sliotar gafa i mo scornach. Ní raibh mé in ann anáil a fháil. Rith an buachaill i dtreo an chaisleáin. Dhún mé mo shúile agus phlúch an dorchadas mé.