I solas dóite bog an tráthnóna
Mo thriamhna ag druidim orm

Na hoícheanta níos faide
Na geimhrí níos doilí
Agus braithim uaim thú.

Ag gearradh mo chuid gruaige
Guíonna á rá i gcogar liom

Ag pógadh m’éadain
Ag roinnt do sceallóga liom

I solas bog dóite an tráthnóna
Do ghrá ag druidim orm

Na laethanta níos teo
Na hearraigh níos gile
Agus braithim uaim thú

Ach

Tá do shonas i mo dhlaoithe
Do ghuíonna i mo chroí

Do spiorad ag pógadh m’éadain
Ag roinnt do sceallóga liom

Na séasúir ag casadh
An t-am ag imeacht

Fós, táim caillte gan thú