Mé sa bhaile ar mo sháimhín só,
Ag féachaint amach an fhuinneog ar chúpla bó,
Braitheann an lá rófhada,
Cé nach bhfuil mé ag déanamh tada.

Téim ar chúpla siúlóid anois is arís,
Is léir ó m’aghaidh go bhfuil mé ar bís,
Chun dul amach san aer úr,
Is cuma má bhím fuar.

Ní fhéidir a shéanadh go bhfuil sé aisteach,
Agus, ar ndóigh, níl sé ar chor ar bith taitneamhach,
I gcónaí a bheith istigh sa teach,
Gan a bheith in ann dul amach.

Ní théann muid go dtí an chathair,
Toisc go bhfuil muid buartha go mbeidh an iomarca daoine i láthair,
Mar is eol do chách, tá an daonra ag gearán,
Toisc go bhfuil na siopaí gan arán.

Táim ag iarraidh cuairt a thabhairt,
Ar theach mo sheanmháthar ach táim lán de bhuairt,
Sáinnithe sa teach, bím i gcónaí ag bácáil,
Is ag ithe gach uile rud atá le feiceáil.