Is cúis áthais dom fáiltiú roimh eagrán 2021 d’iris Ghaeilge na mac léinn, Scáthán — móreagrán Covid.

Is cúis sásaimh ar leith dúinn eagrán na bliana seo a fhoilsiú, tar éis dúinn maireachtaíl trí thréimhse dianghlasála lán le héiginnteacht, breoiteacht agus míshástacht ar mhórán slite. Mar a léirítear i leathanaigh na hirise, táimid ag teacht amach as an tréimhse sin le dóchas agus dearcadh dearfach faoi céard atá romhainn. Cuireann sé lúcháir orm cé chomh cruthaitheach, samhlaíoch agus lán le beocht atá saothar ár gcuid mac léinn, scríbhneoirí cónaithe, céimithe agus léachtóirí, agus iad ag maireachtáil faoi shrianta na plá.

Bhí ról lárnach ag Fiontar & Scoil na Gaeilge i mbronnadh céim Dochtúireachta san Fhealsúnacht (Honoris Causa) ar Sheán de Fréinei mí na Nollag 2021. Bhí tionchar ar leith ag Seán De Fréine ar an tsochtheangeolaíocht in Éirinn agus ar nithe a bhaineann leis an mbeartas teanga. Ina óráid a thug sé ag an mbronnadh dúirt an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh: “…Bhí saol ar leith ag Seán mar scoláire neamhspleách nó baineann úire agus ceannródaíocht lena bhfuil scríofa aige ar shochtheangeolaíocht agus ar stair na Gaeilge, gan trácht ar na mórfhoilseacháin eile uaidh…”.

Cuireann muid fáilte roimh ár scríbhneoir cónaithe nua, Sadhbh Devlin agus gabhann muid buíochas mór le Richie Conroy agus le Ciara Ní É a chaith tréimhsí linn in 2020 agus 2021. Tá agallamh iontach déanta ag Ciara lenár gcéimí Rónán Ó Dálaigh san eagrán seo (agus iontach a léamh gur cuimhin leis a chuid léachtaí Eacnamaíochta faoi Karl Marx!).

Tá alt an-spéisiúil ar an téarmaíocht ónár mac léinn PhD, Daire De Poire; is cúis bróid dúinn a fheiceáil gur bhain ár scoláirí GG Amy Ní Lionnain agus Ciara Williams Duais an Uachtaráin don Nuálaíocht amach i gcatagóir na mac léinn bunchéime; tá cuntas suimiúil ar an gComhdháil Dhomhanda don Fhoghlaim ar Líne i mBaile Átha Cliath agus bhí ár gcomhghleacaí Mairéad Nic Giolla Mhichíl lárnach i reáchtáil na hócáide sin. Is deas an rud é dán Réaltán Ní Leannáin a fheiceáil, scríbhneoir iomráiteach eile a chaith tréimhse linn, chomh maith le ficsean, filíocht agus ábhar do pháistí ónár gcuid mac léinn BOid agus píosa iriseoireachta ónár gcéimí GI. Gabhaim buíochas ó chroí le gach duine a bhí ag plé le foilsiú na hirise i mbliana, ach go háirithe le Caoimhe Nic Lochlainn. Tá moladh ar leith ag dul do na scríbhneoirí agus don choiste eagarthóireachta as ucht an iris a fhoilsiú i mbliana, go háirithe mar gheall ar na dúshláin a bhain leis.