Ag siúl síos an bóthar, a shiúil mé gach lá
ach anois sa dorchadas, nílim ábalta a rá
cad atá difriúil faoin mbealach anois,
an ghealach ag stánadh orm, tumtha sa chiúnas.

Ag streachailt suas an cnoc le cosa traochta
Táim slogtha i marbh na hoíche
Fágtar mé le greim an fhir bháite
Ar na cuimhní a bhí agam agus na hamanna spraíúla

Ach ansin beagán dóchais ag cogarnach go suaimhneach
Ardaím mo cheann agus feicim soilse ag glioscarnach
Soilse Nollag ag fáscadh díonta is ag gobadh amach as fuinneoga
Lampaí sráide lonracha, cosúil le lampróga ag súgradh

An ghrian ar m’aghaidh ag barr an chnoic
Ruaigtear na scáthanna agus stoptar an raic
An daonra a bhi iargúlta ag bailiú arís ar ais
An t-éirí gréine a chuirfidh tús le ré nua inár gcroíthe;
ár gcaillteanais