Bhí aimsir na Nollag ann arís ach ní raibh fonn ceiliúrtha ar Sheán. Bhí sceitimíní ar a chairde, ach bhí brón an domhain ar Sheán.

Bhí Daidí Sheáin san arm agus bhí sé thar lear sa Liobáin. Ní raibh a fhios ag Seán an mbeadh a Dhaidí sa bhaile don Nollaig. 

Bhí a fhios ag Mamaí go raibh an-bhrón ar Sheán. Thug sí bronntanas dó – teidí álainn darb ainm Buster. Bhí áthas an domhain ar Sheán agus thug sé barróg mhór do Buster. “Is breá liom thú, a Buster,” a dúirt Seán leis.

Thug Seán Buster leis chuig a leaba. Bhí greim láimhe aige air agus go tobann, thosaigh Buster ag caint! “Má bheireann tú greim ar mo lámh nuair a théann tú a chodladh, beidh aislingí deasa agat faoi gach duine i do theaghlach.” Thit Seán agus Buster ina gcodladh.

Cúig bhomaite ina dhiaidh sin, thosaigh na heachtraí. Bhí aisling ag Seán go ndeachaigh sé go dtí an Laplainn le cuairt a thabhairt ar Dhaidí na Nollaig. Chuaigh Seán ar an charr sleamhnáin le Buster. Bhí siad ar bís!

Thug siad tuí do na réinfhianna agus chonaic Seán srón ghlasta dhearg Rudolph.

An chéad oíche eile, bhí aisling aige go raibh sé sa bhaile. Bhí a lán bronntanas faoin chrann Nollag. Bhí a Dhaidí sa bhaile fosta don Nollaig. Bhí áthas an domhain ar Sheán.

Nuair a mhúscail sé ar maidin, cheap sé go raibh greim láimhe aige ar Buster ach creid nó ná creid, bhí greim láimhe aige ar a Dhaidí féin. Fíoraíodh a aisling! Thug sé barróg mhór dá Dhaidí. “Grá mo chroí thú, a Dhaidí! Nollaig shona duit!”