I dteach mór, aláinn, cailín óg,
Tá gach rud aici, nach bhfuil a máthair in Vogue?

Tá a leabhair is a bréagáin costasach go léir,
Ach ní bhíonn sí ag súgradh leo amuigh faoin spéir.

Faigheann sí éadaí is bróga gach uile lá,
Ach céard faoi bharróga? Céard faoi ghrá?

Is aoibhinn léi seacláid, agus uaireanta pióg úll,
Ach ní bhíonn siad sa teach, níl siad “sláintiúil”.

Tá aithne ag na mílte ar a mam faoi láthair,
Ach is mainicín faisin í, ní máthair.

I dteach mór, aláinn, cailín óg,
Tá gach rud aici, nach bhfuil a máthair in Vogue?