Tá a fhios ag chuile dhuine an scéal faoi na Trí Mhuc Bheaga. Nó ar a laghad ceapann siad go bhfuil an scéal ar eolas acu. Ach ligfidh mé rún beag leat. Níl an fíorscéal ar eolas ag éinne, mar níor chuala siad mo thaobhsa den scéal fós. Is mise an mac tíre Rory T. Níl a fhios agam conas a scaipeadh an cheannlíne ‘An Mac Tíre Gránna’, ach tá sé iomlán mícheart. Baineann an fíorscéal le dhá rud: sraoth agus cupán siúcra.

SEO É AN FÍORSCÉAL.

Fadó fadó, breithlá mo mhamó a bhí ann agus bhí sé ar intinn agam cáca a bhácáil di. Bhí slaghdán uafásach orm an lá sin. Rith mé as siúcra. Mar sin, shiúil mé síos an tsráid chun cupán siúcra a fháil ó mo chomharsa. Muc a bhí sa chomharsa seo. Agus ní raibh sé róchliste, ach an oiread.

Bhí a theach iomlán tógtha aige as tuí. An féidir leat a leithéid a chreidiúint?

Is dócha nach raibh sé ar a chiall! Mar sin, ar ndóigh, bhuail mé ar an doras agus thit sé isteach. Níor theastaigh uaim siúl isteach gan cead, mar sin ghlaoigh mé,

“A Mhuc Bheag, A Mhuc Bheag, an bhfuil tú istigh?”

Ní raibh aon fhreagra le cloisteáil.

Agus é díreach ar intinn orm dul abhaile, go tobann, bhí tochas i mo shrón. Bhraith mé sraoth ag teacht.

Bhuel, tharraing mé anáil mhór agus chuir mé sraoth iontach asam. Agus an bhfuil a fhios agat cad a tharla?

Thit an teach tuí síos go talamh. Agus cé a bhí ina luí, timpeallaithe ag an tuí ach an mhuc bheag – agus é chomh marbh le hart.

Lig mé béic mhór asam!