‘In Éirinn inniu, deimhníodh ceithre chéad cás.
Tá na figiúirí ag bisiú, níl ach cúigear tar éis bháis.’
‘Cúigear’.
Uimhreacha.
Níl iontu ach staitisticí.
Figiúirí anaithnide - gan anam, gan saol.
Ach tá na figiúirí ag bisiú, nílimid i mbaol.
Sochraid eile; gan tórramh, gan slua.
Comhbhrón fíorúil - nach mór é an trua?
Bean chéile ina haonar, ag uair a báis,
Mac gan mháthair, agus é ag fás,
Daideo in easnamh, óna áit ar an tolg,
Cathaoir fholamh ag an mbord, i rith na Nollag,
Brídeog gan athair, ag siúl chun na haltóra.
Ach ní luaitear a n-ainmneacha. Níl aon chomóradh.
Agus amárach,
déanfar dearmad orthu.
’s muid ag fanacht ar na figiúirí is déanaí.