Rith mé suas staighre, go dtí mo sheomra codlata agus dhún mé an doras de phlab. Thosaigh na deora ag sileadh go faíoch ó mo shúile. Bhí an t-ádh liom nach bhfaca mo chlann mé ag caoineadh arís. D’fhéach mé timpeall an tseomra. Bhí leath Ailbhe salach agus míshlachtmhar. Ní raibh sí ach aon bhliain déag d’aois agus bhí ormsa mo sheomra a roinnt léi. Táimse beagnach fiche; níl sé cothrom ar chor ar bith. Tá mo dheirfiúir eile Laoise ceithre bliana déag d’aois, ach nár lige Dia go mbeadh uirthi a seomra codlata a roinnt. Bhíodh Laoise i gcónaí ar an bpáiste ab fhearr le Mam. Thit cúpla deoir eile ó m’aghaidh.

“Míla? An bhfuil mo pheann fós agat? An bhfuil sé fós ar do dheasc?” Bhí mo dheartháir Peadar taobh amuigh den doras. Ugh, ní raibh mé ábalta déileáil leis. “Imigh leat. Lig dom!” a bhéic mé.

Botún ollmhór é sin. Ní screadann tú ar Pheadar, má tá fios do leasa agat. Is buachaill an-tréitheach, dathúil agus spórtúil é mo dheartháir, ach tá drochdhearcadh aige. Níl mórán foighne aige, mar sin bíonn sé ag screadaíl go minic. Cé go raibh sé seacht mbliana déag d’aois, bhí aoibh air mar a bheadh ag naíonán. “Oscail an doras anois! Tabhair dom mo pheann láithreach!” a scread sé.

Thosaigh sé ag brú ar an doras. Ní raibh aon rogha agam. Fuair mé an diabhal peann agus chaith mé é amach an doras dó. Chonaic sé go raibh mé ag caoineadh, ach bhí sé róchrosta chun a bheith buartha.

Ansin, chuala mé torann ag teacht ón gcistin. Bhí Mam agus Daid ag argóint arís. Bhíodar réidh le scaradh, ach ag an am céanna ní raibh aon rud ag bogadh ar aghaidh. Mar sin, bhíomar i saghas liombó; ní raibh a fhios againn cad a tharlódh sa todhchaí. Bhí mé an-bhuartha faoi seo mar ní raibh mé ag iarraidh go scarfaidís. Cén fáth a raibh tuismitheoirí mo chairde sásta, ach ní raibh mo chuidse? Bhí mé bréan díobh a bheith ag argóint. Cuireann sé isteach orm gach lá.

Shuígh mé ag mo dheasc agus d’fhéach mé ar Instagram. Ó, in ainm Dé, bhí mo ‘chara’ Máire tar éis grianghraf eile a chur suas, le Cáit agus Éabha ann. Thosaigh na deora arís. Bhí mé chomh crosta leo, agus uaigneach. Mo chairde a bhí iontu, nó sin a cheap mé, ach le cúpla mí anuas, bhí siad do m’fhágáil as an áireamh. Ghortaigh sé mo chroí gach uair a d’fhéach mé ar Instagram agus chonaic mé go raibh siad le chéile an lá sin, ag déanamh rud éigin deas. Níorbh fhiú an t-am iad, ach bhraith mé anuaigneach ar aon nós.

D’fhéach mé orm féin i mo scáthán. Bhí drochchuma orm agus bhí mo ghruaig dhonn caisníneach agus gan chíoradh. Ó, cén fáth nach raibh gruaig fhionn, dhíreach orm? Bhí gruaig fhionn shíodúil ar Laoise agus ar Mham. Ach bhí mise fágtha le gruaig dhonn lofa. Bhí gruaig dhonn ar Ailbhe chomh maith, ach ní raibh aon fhadhb aici leis. Deir Daid go bhfuil mé go hálainn, ach ní chreidim é. Nuair a fhéachaim orm féin sa scáthán, feicim duine gránna. B’fhéidir gurb é sin an fáth nach bhfuil buachaill agam.

Choinnigh mé orm ag stánadh orm féin sa scáthán. Bhog mé mo lámh chun mo dheora a ghlanadh. Ach bhí iontas orm nuair nár bhog mo lámh sa scáthán. Bhog mé mo lámh eile ach níor tharla aon rud. Bhí imní de shórt éigin ag teacht orm. Céard sa diabhal? Bhí sé ar intinn agam mo dhaid a fháil agus é a thaispeáint dó, ach ní raibh an deis agam. Go tobann, tháinig mo scáil amach as an scáthán agus chaith sí mise isteach sa scáthán.

Bhí mé istigh sa scáthán! Bhuail mé ar an ngloine, ach níor tharla aon rud. Bhí mo scáil imithe. Chas mé timpeall. Ní raibh mé go díreach i mo scáthán; bhí mé i mo sheomra codlata, ach bhí gach rud difriúil. An raibh mé i ndomhan eile? Bhí eagla an domhain orm ar aon nós.

D’fhéach mé sa scáthán arís. Ó a Dhia, bhí gruaig fhionn, dhíreach, shíodúil orm. Bhí cuma álainn orm! Ní raibh aon spotaí ar m’aghaidh agus bhí mo cheannaithe foirfe. Bhog m’aird go dtí an fhuinneog. D’fhéach mé amach. Bhí gach rud iompaithe agus bun os cionn. Bhí an spéir oráiste agus bhí an féar corcra. An-aisteach ar fad. Chuala mé dordán agus ba bheag nár thit mé i laige nuair a tháinig beach ollmhór chuig an bhfuinneog. Bhí sé chomh mór le madra. D’fhéach mé timpeall. Bhí feithid bheag ar leac na fuinneoige. D’fhéach mé níos dlúithe uirthi agus cat a bhí inti! Níor chreid mé é, bhí sí chomh beag. Thosaigh mé ag screadaíl.

“Cabhraigh liom! Cabhraigh liom! A scáil, cá bhfuil tú? Cad a rinne tú?” D’oscail doras mo sheomra agus bhí mo mham ansin. “Míla, a stór, cad atá cearr?’’ a d’fhiafraigh mo mham. Níor ghlaoch mo mham ‘a stór’ orm riamh. Bhí scaoll ollmhór orm.

“A Mham, cad atá ar siúl?’’ a d’fhiafraigh mé. “Ní thuigim, stop de do chuid magaidh.”

“Cad faoi a bhfuil tú ag caint, in ainm Dé, a chroí? Tar anuas staighre, tá do chairde anseo.”

Sa seomra suite ait, bhí Máire, Cáit agus Éabha ann, chomh maith le buachaill éigin nach raibh aithne agam air. “Haigh, a chailíní, cén fáth a bhfuil sibh anseo?” Níor thuig mé, ní raibh mé tar éis iad a fheiceáil le cúpla mí anuas, ach anois bhí siad anseo, sa ‘domhan eile’?

“An ndearna tú dearmad Míla? Táimid ag dul chuig ceolchoirm Niall Horan anocht. D’eagraigh tusa é!” arsa Cáit.

“Cad? Níor eagraigh, agus níl go leor airgid agam ar aon nós.” Bhí mé go hiomlán trí chéile. Ní raibh muid saibhir agus mar sin ní dheachaigh mé chuig ceolchoirmeacha.

“Is tusa an cailín is saibhre atá thart! Ná bí ag pleidhcíocht linn, a Mhíla!” arsa Éabha. “Ceannaíonn tú na bronntanais is fearr dúinn an t-am ar fad!”

Níor chreid mé é sin ach an oiread. Bhí rudaí chomh meascaithe suas. Sa domhan seo bhíodar fós cairdiúil liom mar bhí mé saibhir? Dochreidte. Bhí an buachaill aisteach fós ag féachaint orm.

“Cé tusa?” a cheistigh mé.

“Cad? An bhfuil tú ceart go leor inniu, a Mhíla? Tar anseo, a chroí.” Rinne sé a dhícheall a lámha a chur thart orm agus thug mé buille boise sa leiceann dó.

“Liam! Ó a Dhia! Míla, níl tú in ann caitheamh le do bhuachaill mar sin!’’ arsa Máire.

Cad? Bhí buachaill agam sa domhan seo? Bhabh. An raibh aon rud eile difriúil? Ní raibh mé anseo le cúig nóiméad anuas agus bhí mórán éagsúlachtaí cheana féin. Bhí scanradh an domhain orm. Sea, b’fhéidir nach raibh na fadhbanna céanna agam ó m’fhíorshaol, ach bhí rud éigin mícheart faoin domhan seo. Níor thaitin sé liom ar chor ar bith. Conas a rachainn abhaile? An mbeinn in ann dul abhaile arís?