Dhúisigh mé ar maidin
Le mo mháthair ag screadaíl
Bhí gach duine ag éirí óna gcodladh
Agus bhí na héin sa spéir ag feadaíl

D’ith mé mo bhricfeasta
Agus bhí sé in am dul ar scoil
D’fhiafraigh mé de mo mháthair
‘An bhfuil cead agam fanacht sa bhaile, le do thoil?’

Bhí mo chairde ag geata na scoile
Is dóigh liom go raibh siad ar bís
B’fhearr liom féin a bheith sa bhaile
Ag féachaint ar na cartúin ar an teilifís

Thosaigh mé ag brionglóid
Fad is a bhí mé i mo shuí
Bhí na hEilifintí ag eitilt
Agus bhí na muiscítí ag guí

Faoi dheireadh, bhí an lá thart
Agus rith mé ar nós na gaoithe go dtí an bus
Nuair a bheadh m'obair bhaile déanta agam
Dár ndóigh … beidh sé in am don sos

Tar éis tamaill bhí an oíche tagtha
Agus amárach beidh mé ag caoineadh
Ansin bhuail sé liom go tapaigh …
‘Ó rinne mé dearmad, amárach Dé hAoine!’