Is dream leochaileach muid.
dream atá i gcónaí ag athrú, áfach
i gcónaí ag forbairt.

Dream na nua-aoise.
Dream a bhfuil fios na teicneolaíochta ag a gcuid lapadáin.
Ré na hintleachta saorga, 5G, tiomáint fhéinrialaithe -
“Alexa”.

Dream sláintiúil.
“Comhfhiosach” ar chúrsaí folláine.
An veigeánachas amh agus aistí aisteacha eile.
An avocado toast i ndiaidh oíche lán Ket, Cóc agus piollaí.
Nach deas an cothromachas.

Nóiseáin na huaire.

Daoine nó tréad caorach?
Réidh le léim ar an chéad treocht eile.
Cé hiad na scabhtálaithe? Na ceannródaithe agus na híocóin?
Ní muidne.

“De ghrá na héascaíochta”.

Éasca fáillí a dhéanamh ar an timpeallacht.
Áthchúrsáil? Am. Iarracht.
Be grand. Níl ann ach cupán amháin.
Plaisteach, mascanna, truailliú.
De ghrá na héascaíochta. Grá?

Bréaga agus caimiléireacht.
Ní muinín ach leathmhuinín. Ach -
nach an rud céanna iad le déanaí?
Creidimid ar aon nós é.

Níl ionainn ach fichillíní.
Is muid ag díol ár n-eolais chuile lá, saor in aisce.
Tá muid lipéadaithe acu.
Ár mbearta réamhchinntithe acu.
Ár n-airgead acu.

Tinneas intinne nó intinn thinn.
Mura bhfuil muid ansin,
déanfaimid an jab muid féin.
Ár n-intinní agus smaointe na naimhde is mó atá againn.

Dream díomasach.
Díoma orainn os comhair an scátháin.
Má tá airgead i do phóca,
déanfaidh an scian níos fearr é.
Mura bhfuil, is cuma.

Cén praghas atá ar shonas?

Is dream leochaileach muid.
Is cuma cé thú,
Cé mhéad atá i do chuntas,
Cé chomh hálainn is atá tú
Nó do “veigeánachas amh”.

Is cuma, leis an víreas.