Géibheann
Greamaithe sa teach
Tá leadrán orainn go léir
Lig dom dul amach.
Spórt
Níl iomáint ar siúl
Níl fiú rugbaí ná sacar
Tá gach rud ar ceal
Cáca?
Níl aon phlúr sa teach
Níl aon phlúr sa siopa ach,
Is fuath liom bácáil
Fadhbanna teicneolaíochta
Cuirim glaoch ar Zoom
Mothaíonn muid ár gcairde uainn
“Cas air an fhuaim!”
Sceideal an lae
Dúisím ag a hocht
Codladh beag sa tráthnóna
Leaba roimh a deich
2km
Cúig shiúlóid gach lá
Timpeall, timpeall i gciorcal
An madra traochta!