D’oscail mé mo shúile, bhí gach rud gruama mar a bhí i gcónaí. Bhí boladh taise ann, ní raibh aon solas le feiceáil, ní raibh aon rud solasmhar faoin áit seo i ndáiríre. Bhí mé ábalta an smúit a mhothú i ngach páirt de mo chorp. Bhí sé ag cur samhnais orm, ach bhí an prios mór lán de bhia a raibh coincleach air ag cur samhnais orm chomh maith.

Fan bomaite, cad é an fhuaim sin? Ní fuaim dhíoscáin an staighre atá ann inniu mar a bhíonn de ghnáth? Cad é an fhuaim sin? Cloisim páiste ag scréachach, ach ní hé go bhfuil iontas orm an fhuaim sin a chloisteáil san áit seo, ach an tionadh atá orm ná níor chuala mé an scread sin riamh. Ansin chonaic mé páiste an-bheag, bhí sé ag stánadh ar an seomra mór millteanach a bhí os a chomhair. An t-aon rud a bhí mé ag iarraidh a rá leis ná fáilte go hifreann.

Cad atá ar siúl agat maidin inniu, a pháiste bhig shoineanta? An mothaíonn tú an t-aer fuar ag teacht isteach? Tá súil agam go bhfaighidh sé réidh leis an salachar agus an smúit go léir atá orainn i ngach áit. Bhuel… ní féidir leat fanacht san áit seo go deo gan aon fhocail a rá. An bhfuil tú ag iarraidh teacht liom agus rachaidh muid ar siúlóid amach as an áit dhéistineach seo?

Ach… ach, ní féidir linn an áit seo a fhágáil, beidh muid i dtrioblóid ansin.

Bhabh. Tá iontas orm an glór binn sin a chloisteáil den chéad uair.. Anois éist liom go cúramach. Tá plean agam. Tá mise agus tusa chun éalú go deo as an áit seo inniu, an bhfuil tú ag éisteacht liom? Déan deifir nó beidh gach duine ag éisteacht linn.

Ach… ach, níl mise ag dul in aon áit. Níl mé in aon chor. Tá mé ag fanacht anseo. An dtuigeann tú sin?

Fan, fan, fan, fan nóiméad amháin, tá a fhios agam go maith go bhfuil tusa ag iarraidh a bheith saor ar shráid Nua Eabhrac. Smaoinigh air, na milseáin go léir, na bréagáin go léir, na daoine go léir ar féidir cuidiú linn, tá a fhios agam áit ar féidir linn fanacht chomh maith. Bhuel… tá imní orm agus tá a fhios agam gur deachtóir gan trua gan taise thú. Níl mé ag dul leat.

Maith go leor, ní bheidh mé ag tabhairt aon trua duit agus tú anseo leat féin. Seo é an seans deireanach atá agat.

Liom féin? Liom féin… tá an ceart agat, beidh mé liom féin sa seomra seo, cad é atá mé chun déanamh. B’fhéidir… nó ní rachaidh… bhuel, b’fhéidir go rachaidh mé leat.

Casfaidh mé leat i lár na hoíche - 3 a chlog ar an urlár uachtarach, ní féidir leat a bheith mall, ar chuala tú sin? Anois, éist go cúramach liom, tá fuinneog ar an urlár uachtarach agus osclaíonn sé amach go ciúin, mar sin caithfidh muid dul go dtí an fhuinneog sin go sábháilte. Osclóidh mé an fhuinneog, rachaidh tusa ar dtús, agus ansin mise. An bhfuil sin soiléir? Ansin bainfidh muid úsáid as an dréimire chun dul síos go dtí an talamh agus beidh muid saor. Ar chuala tú sin? Beidh muid saor… ó a dhia, an dúil nimhe sa scleondar.

SHH, SHH, tá tú ag ardú do ghlóir, ní féidir linn a bheith amaideach faoi seo…

Bhuel, seo muid ar shráid Nua Eabhrac, is féidir linn ceol agus damhsa anois, tá muid saorr a chara, tá muid saor. Tá mé chomh sásta.

Guth nua: Bhí a fhios agam go raibh plean ag an bheirt agaibh, beirt dhiabhal, agus shíl sibh nach raibh muid chun sibh a chuartú, cé chomh hamaideach is atá sibh? Faigh sa charr. Tá muid ag dul abhaile.

Scréachadh, scréachach agus níos mó scréachaí.