Bhí eagla ar an mbuachaill. Bhí chuile rud dorcha ach cinnte, ní raibh sé ina aonar. Bhí duine eile, nó b’fheidir rud eile anseo freisin. Bhí an buachaill óg i bhfolach i gcófra sa chistin sa teach mór ar imeall an bhaile. Chuala sé i gcónaī go raibh taibhsí sa teach ach níor chreid sé é sin. Agus bhí an ceart aige. Ní taibhse a bhí ann ach ollphéist. Ollphéist mhór ghránna agus ag an nóiméad sin, d’oscail sé an cófra a raibh an buachaill i bhfolach ann.

D’fhéach an buachaill ar an ollphéist. Bhí craiceann glas aige agus bhí sé fliuch, ach ní raibh uisce air ach ramallae. Agus bhí boladh uafásach san aer, cosúil le huibheacha agus fínéagar meascaithe le chéile. Bhí an buachaill ag creathadh leis an eagla. Chuir an ollphéist a lámh isteach sa chófra chun an buachaill a phiocadh suas. Thosaigh sé ag labhairt:

“Tá cuma an-bhlásta ort, a ghasúir. Agus tá ocras ormsa...” Bhí guth gairbhéalach aige. Bhí an buachaill os comhair a aghaidhe anois. Bhí faithne ar a shrón agus bhí an faithne chomh mór le srón eile. Bhí fiacla géara agus liopaí scoilte aige.

Cinnte, ní bhuafadh sé aon duais d’áilleacht! Gan choinne, chuir an buachaill a fhiacla ar mhéar na hollphéiste agus bhain sé plaic as.

“ÁÁÁÁÁÁÁÁ!” a scread an ollphéist. Thit an buachaill ó lámh na hollphéiste agus thosaigh sé ag rith, ag rith níos tapúla ná riamh.