I mí na Bealtaine 2020, bhuaigh Amy Ní Lionnáin agus Ciara Williams Duais an Uachtaráin i gcatagóir na mac léinn bunchéime don Nuálaíocht don “Sip 'n' Safe” - sop atá in ann drugaí ar leith a aithint i ndeochanna. Bhí Amy agus Ciara ag obair ar an idé nuálaíoch seo don mhodúl FN340 Bunú Fiontair i mbliain na céime ar an BA Gnó agus Gaeilge.

Dúirt Amy an méid a leanas le Scáthán: “Is bliain ghnóthach, dheacair í bliain na céime ach is bliain í inar cheart duit deiseanna a thógáil, mar don chuid is mó dúinn, is í ár mbliain dheireanach san ollscoil.

Bheartaigh Ciara agus mé féin triail a bhaint as cur isteach ar “Dhuais an Uachtaráin” in DCU chun ár scileanna gnó agus scríbhneoireachta a fheabhsú. Bhí an BA sa Ghnó agus Gaeilge ar siúl ag an mbeirt againn ag an am agus chun an fhírinne a rá, chabhraigh an comórtas go mór linn sa chúrsa.

Bhí an modúl “Bunú Fiontair” le déanamh againn agus bhí orainn gnó nó idé nua a chumadh. Bhí 15 creidiúint ag dul dó agus d’aontaigh an bheirt againn gur idé láidir a bhí sa “Sip ‘n’ Safe” agus gur cheart dúinn cur isteach ar chomórtas an Uachtaráin chomh maith!

Ar deireadh, rinneamar an comórtas a bhuachan i gcatagóir na mac léinn agus d’éirigh leis an mbeirt againn Céad Onóracha a bhaint amach freisin! Bhuamar €1000 agus bonn álainn agus tá Enactus anois i mbun an “Sip ‘n’ Safe” a fhorbairt mar fhiontar sóisialta!”

Comhghairdeas leo beirt!