Dhúisigh sé, bhí a chosa cromtha, bhí sé an-dorcha, ní raibh sé in ann aon rud a fheiceáil. An geimhreadh a bhí ann agus bhí a chuid méar mairbhleach leis an bhfuacht. Bhí sé istigh áit éigin, ach ní raibh a lán spáis aige. Cad a tharla? Níor chuimhin leis. Bhuail sé bosóg éadrom timpeall a choirp ag iarradh a aimsiú cá raibh sé. Ní raibh sé in ann breith ar aon rud. Chuir sé a lámha suas agus bhí gíog le cloisteáil. Stop sé láithreach. Tar éis cúpla soicind, rinne sé arís é. “Eeeerrrrkk!!” a chuala sé arís. Bhí a chroí ag preabadh.

“Cá bhfuil mé? Cén fáth a bhfuil mé anseo? Cad é an fhuaim sin? Cén fáth go bhfuil sé chomh dorcha?” Bhí na ceisteanna ag rith trína cheann. Thug sé brú mór amháin eile os cionn a chinn agus chonaic sé solas! Solas a d’éirigh níos mó agus níos mó go dtí go raibh búit an chairr oscailte go hiomlán.

“Céard sa diabh…?” a scread sé. D’iompaigh sé é féin suas agus tharraing sé a chosa amach as an mbúit. Ní raibh baistíoch ar na gaobhair ach bhí crainn i ngach áit, chonaic sé iora agus bhí boladh corp crainn san aer. Bhí bláthanna aoibhne ann ach b’shin an t-aon rud aoibhinn faoin bhforaois seo.

Mhothaigh sé go raibh contúirt mhór ann cinnte mar gheall ar an tslí ar dhúisigh sé sa bhúit. Bhí sé ag iarraidh tabhairt faoi theitheadh ach cén tslí a rachadh sé? Ní raibh cliú aige cé chomh fada a bhí sé ó bhaile. Díreach nuair a bhí sé chun rith, chuala sé guthanna. Chas sé timpeall… ní fhaca sé aon rud. Chas sé arís ach fós ní raibh aon rud le feiceáil. Rinne sé ciorcal agus ansin - chonaic sé grúpa daoine i bhfad uaidh ag siúl ina threo.

“Cé hiad siúd?” a smaoinigh sé leis féin. “D’fhéadfadh siad cabhrú liom nó d’fhéadfadh sé gur iadsan a chuir anseo mé… Cad a dhéanfaidh mé? Rith nó cabhair a lorg?”