Shuigh sé ansin,
Ina chathaoir, sona sásta,
Ina theach, in aice leis an Rinn,
Ag ithe brioscaí blasta,

Lena chuid tae,
Os comhair na teilifíse,
Ag deireadh an lae,
Ag insint scéalta nach gcreidfimis,

Chónaigh sé leis féin,
Ag obair amuigh faoin aer,
Thar na sléibhte sin i gcéin,
Nuair a bhí an ghrian sa spéir,

Cosúil le Daidí na Nollag,
Le gruaig bhán ’s féasóg,
Madra in aice leis ar an tolg,
Agus é ag mungailt bróg,

Ach sciorrann an t-am róghasta,
Fásann daoine, téann siad thar lear,
Anois, táim i mo dhuine fásta,
Agus táim uaigneach, ag smaoineamh ar an bhfear.

Ó a Dhaideo, beidh tú beo, go deo.