Bhí sé ciúin sa phluais bhándearg,
D’fhéach Nóra timpeall go hamhrasach,
Seo an áit dheireanach ar a seilg,
Bhí sí tar éis dreapadh suas an cnoc mór páipéar leithris,
Shnámh sí tríd an gcairpéad gorm,
Léim sí thar gheata na bpáistí agus anois bhí sí i bpluais na hollphéiste móire.
Ba thuras dainséarach é ag teacht go dtí an áit seo,
Ach ba laoch í agus bhí jab aici -
Colm an capall a tharrtháil agus bhí sí chun gach rud a dhéanamh chun é a shábháil,
Chuaigh sí níos faide isteach sa phluais, isteach in uachais na hollphéiste,
Bhí sí réidh lena claíomh,
Léim sí ar an ollphéist agus mharaigh sí é,
Bhíodar slán faoi dheireadh agus bhí deireadh tagtha leis an tseilg.
Beidh ar Dhaid seilg nua a chumadh i gcomhair amárach