Ar smaoinigh tú riamh ar conas a bheadh do shaol dá mbeifeá i do chónaí i gcorp nó in áit nár thaitin leat? Áit choimhthíoch? Bhuel, fáilte chuig mo shaol.

Is fuath liom mo shaol, is fuath liom mo cheantar agus is fuath liom na daoine ardnósacha go léir atá ann! Ach níl an locht ormsa, geallaimse duit. Bhínn i mo chónaí in áit álainn, ghalánta tráth dá raibh; mo theaghlach agus mo chairde go léir i mo thimpeall. Bhínn sona sásta. Ach ansin bhí mí-ádh an diabhail orm. Gabhadh mé agus tógadh chuig an bpoll ifrinn seo mé. An Ríocht a ghlaoitear uirthi (cé nach bhfuil an t-ainm sin tuillte aici i mo thuairimse), agus ar chúis éigin is sióg mé?! Mise?

Is mór idir mé anois agus an cailín spórtúil, bríomhar a bhíodh ionam nuair a bhí mé i mo bhaile dúchais. Ní thuigeann na daoine anseo mo chás. An tSióg Dhubh a thugtar orm. Is cuma leo fúm, nó faoi mo scéal, m’oidhreacht nó na deacrachtaí a bhíonn romham gach aon lá agus mé sáinnithe in áit choimhthíoch, mhínádúrtha.

Ar aon nós, chuala mé ráfla go bhfuil banphrionsa nua sa cheantar, agus go mbeidh cóisir mhór ar siúl anocht le háilleacht agus saol an bhanphrionsa seo a cheiliúradh. Níor tugadh cuireadh dom (iontas na niontas!). Ach ná bíodh imní ort. Tá plean agam...