Bhí ciúnas iomlán sa charr. Choinnigh mé greim docht ar mo dheirfiúr ar fhaitíos go mbeadh muid scartha ó chéile. Ba é sin ár n-ábhar imní is mó. Thug mé aire mhaith di ón lá a bhí orainn bogadh amach as ár mbaile. Bhí deora na súile liom nuair a d’fhéach mé ar an gcás a bhí againn.

D’iompair muid an cás sin agus níor lig muid as ár radharc é. Cheapfadh duine go raibh rudaí tábhachtacha istigh ann ach ní raibh sé sin fíor mar d’fhág muid na nithe ab ansa linn inár ndiaidh. Níor labhair an lánúin linn. B’fhéidir go raibh siad neirbhíseach chomh maith. Ach is dócha gur ormsa a bhí an milleán toisc go raibh cuma ghliobach orainn.

Lean an fear ar aghaidh ag tiomáint. Líon an carr le boladh tais mar gheall ar na héadaí fliucha a bhí muid a chaitheamh. D’fhéach mé amach as fuinneoga an chairr agus bhí cnoic faoi bhrat crann ar an dá thaobh. Cá raibh muid ag dul?

Ní raibh aon leid agam. Ní raibh aon smacht againn ar ár gcinniúint féin. Leag mo dheirfiúr a ceann ar mo ghualainn. Dhún mé mo shúile agus ghuigh mé go mbeadh saol níos fearr i ndán dúinn.