An chéad rud atá le rá agam ná go dtugann achan duine Babaí Béar orm, ach ní hé sin m’ainm ar chor ar bith. Sam is ainm dom agus níl mé ach beag bídeach. Bhuel, sin an rud a shíleann achan duine! Is í Cinnín Óir mo chara is fearr ar domhan. Réitíonn muid go han-mhaith le chéile! Téann sí sa tseans go minic ach ní páiste olc í!

Bhuel, níl sí go holc liom féin cibé ar bith… Lig domhsa an scéal mar is ceart a insint daoibh agus feicfidh sibh!! Thosaigh sé uilig nuair a bhí mé ag gearán faoi mo bhricfeasta, “Brachán arís… tá sé i bhfad róthe!” a dúirt mé.

Labhair Dadaí ansin, dúirt sé le Mamaí, “D’íosfadh sé é dá mbeadh go leor ocrais air!” Sula raibh a fhios agam cad é a bhí ar siúl, bhí muid uilig ag dul amach ar an doras le dul ar siúloid.

“Fan áit a bhfuil muid ábalta tú a fheiceáil, a Bhabaí Béar,” a scairt Mamaí. Rith mise liom rompu.

“Stad! Ná téigh chomh gasta sin, a Bhabaí Béar,” a scairt Dadaí Béar.

Stampáil mise mo chos go trom, “Sam an t-ainm atá orm! Is fuath liom Babaí Béar”. Tháinig fearg orm agus leis sin, d’imigh mé ar shiúl liom féin agus ghlac mé mo chonair rúnda ’na bhaile.

Nuair a shroich mé ár dteach, chuala mé glór strainséara ag teacht ón teach: bhí duine éigin taobh istigh! Ní raibh a fhios agam cad le déanamh. Ar chóir dom rith ar ais chuig mo Mhamaí agus Dadaí le cuidiú a fháil? Ar chóir dom an duine a scanradh ar shiúl ón teach? Smaoinigh mé, rithfeadh Babaí Béar ar shiúl ach ní rithfeadh Sam… Leis an smaoineamh cróga seo, d’amharc mé tríd an fhuinneog le leathshúil, agus chonaic mé cailín ag glacadh grianghraif ar a fón póca.

“HÁ! Múinfidh seo ceacht do Chochaillín Dearg gan mo dhúshlán a thabhairt,” a dúirt sí faoina hanáil. “Ní dhiúltaíonn Cinnín Óir do dhúshlán riamh,” a dúirt sí le háthas an domhain uirthi. Stop sí ar feadh soicind ag na babhlaí bracháin. “Ewww”, a dúirt sí.

D’aontaigh mé léi! Thaitin sí liom cheana féin. Ghlac Cinnín Óir pictiúr di féin agus í ina suí i gcathaoir mo dhaidí, agus ansin cathaoir mo mhamaí. “An bhfuil tusa ag iarraidh cruthúnais, a Chochaillín?” ar sí, “Seo anseo é!” agus siotgháire ar a haghaidh bheag bhán. Ansin ghlac sí pictiúr agus í ina suí i mo chathaoir féin, nuair a sheas sí suas bhí an chathaoir greamaithe lena tóin. Léim sí suas agus anuas, bhí sí ag luipearnach, agus sa deireadh thug sí buille maith don chathaoir agus thit sí di… i bpíosaí agus i ngiotaí. Bhí sé dochreidte. “Bhúps,” a dúirt sí agus náire uirthi.

Sin mo chuid airgid phóca ar shiúl don tseachtain, a shíl mé, mar bheadh orm ceann úr a cheannacht! Bhí an chathaoir sin ag éirí i bhfad róbheag domh, níor chuir sé isteach nó amach orm!

Ansin d’imigh sí i dtreo an staighre. Thapaigh mé an deis dul isteach ina diaidh. Thuas staighre chaith Cinnín Óir di a cuid bróg (nach deas go raibh sí ag smaoineadh orainn!). D’amharc mé isteach mar bhí an doras ar leathoscailt. Thosaigh sí ag léim ar leapacha mo mhamaí agus mo dhadaí ansin ghlac sí físean di féin ag léim agus ag gáire. “Ní chreidim go bhfuil mé á dhéanamh seo!” a dúirt sí agus í ag gáire. “Ní raibh cead againn léim ar na leapacha i mo theach féin agus, seo mé á dhéanamh agus ag fáil ar shiúl leis!”

Leis sin, bhuail mé cnag beag ar an doras, “ÁÁÁÁ!!” a scread Cinnín Óir.

“Lig isteach mé, ní inseoidh mé do dhuine ar bith,” a dúirt mé go séimh léi. D’oscail sí an doras agus isteach liom. Ansin go gasta fuair muid aithne ar a chéile. Dúirt sí go raibh sí buartha gur bhris sí isteach. Bhí múineadh ar dóigh orainn!

Agus ansin, léim, léim, léim agus léim muid arís is arís! Go dtí gur chuala muid mo mháthair ag scairteadh ón choill. “Baaaaabaí Bééééar!! Cá bhfuil tú?”

D’ardaigh Cinnín Óir mala agus iontas uirthi, “Babaí Béar?” ar sí “An bhfuil tú dáiríre?”

“Ná bac leis sin,” a dúirt mé léi. “Seo é an plean atá agam!”

Rith mé síos an staighre nuair a bhí mo chuid tuismitheoirí ag teacht isteach an doras. “Babaí Béar,” arsa mo mháthair agus cuma imníoch uirthi. “Is maith go bhfuil tú ceart go leor!”

“Tá stocaire thuas staighre!” a dúirt mé leo.

“Shíl mé go raibh sé de chiall agat gan a bheith ag cumadh scéalta,” a dúirt Dadaí. Shuigh siad síos lena gcuid bracháin a ithe, agus é chomh tirim agus chomh fuar.

Thaispeáin mé mo chathaoir bhriste dóibh. “Amharc! An stocaire a rinne seo!” a dúirt mé leo agus píosa de mo chathaoir i mo lámh.

“Nach bhfuil sin iontach dána,” a dúirt Dadaí liom, “ag briseadh cathaoireach nach raibh rud ar bith cearr léi, lenár n-aird a fháil.”

“Ach chonaic mé í!” a dúirt méagus fearg ag teacht orm nár chreid sé mé. “Goitse liom!” Tharraing mé suas an staighre iad agus thaispeáin mé na héadaí leapa dóibh.

“Tá a fhios agat nach bhfuil cead agat léim ar na leapacha, a Bhabaí Béar!” a dúirt siad liom. “Ach ní mise a rinne é? An stocaire a bhí ann!” a dúirt mé leo agus mé á mbrú iad i dtreo mo sheomra. Nuair a shroich siad mo leaba…

“Búúúú!” a scairt Cinnín Óir. An rud a tharla ina dhiaidh sin, ba mhór an seó é.

“RITH, RITH!!” a scread Dad.

“Go dtí áit atá sábhailte!” a scairt Mamaí. “Agus muna n-éiríonn linn, tá grá an domhain ag an bheirt againn duit!”

Rinne mise cinnte go bhfaca siad mé ag dul sa tóir ar Chinnín Óir, ach ní raibh muid ach ag aisteoireacht, bhí sise ag screadach agus bhí mise ag gnúsachtach freisin ach ní raibh muid i ndáiríre. Thug muid ár nuimhreacha gutháin dá chéile. Bhí Mamaí agus Dadaí chomh bródúil as an chrógacht a thaispeáin mé gur thug siad gach rud a bhí mé a iarraidh domh. Cathaoir níos mó, calóga arbhair níos deise in áit an bhracháin, agus gheall siad nach dtabharfadh siad Babaí Béar orm níos mó. Bhuel, bhí rud amháin nach bhfuair mé, ní thiocfadh liom léim ar na leapacha.

“B’fhéidir anois is arís?” a cheistigh mé.

“NO!” a dúirt Dadaí liom.

Bhí maith agam iarracht a dhéanamh agus an cheist a chur!